Cosán nascleanúna

Cabhraíonn an AE le healaíontóirí na hEorpa a saothair a nochtadh do phobal nua - 22/11/2013

Ealaíontóir le pailéad lán dathanna ina ghlac ag obair ar olaphictiúr

Chun tairbhe na mílte ealaíontóirí agus gairmithe sna healaíona i réimse na pictiúrlainne, na teilifíse, an cheoil, na litríochta, na n-ealaíon taibhiúcháin agus na hoidhreachta a bheidh an maoiniú breise ón AE.

Beidh tionscnamh Eoraip na Cruthaitheachta ar bun ar feadh 7 mbliana ó mhí Eanáir 2014 amach. Úsáidfear an buiséad €1.4 billiún chun éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch na hEorpa a chur chun cinn, chun cúnamh a thabhairt do na healaíona agus earnáil na cruthaitheachta dul in oiriúint don ré dhigiteach agus don domhandú, agus chun deiseanna, margaí agus pobal nua a chur ar fáil ar leibhéal idirnáisiúnta.

Na daoine a thairbheoidh den tionscnamh

Tabharfaidh clár Eoraip na Cruthaitheachta cúnamh d'ealaíontóirí agus do ghairmithe sna healaíona a gcuid saothar a roinnt thar theorainneacha trí na tionscnaimh seo a leanas a mhaoiniú:

  • Tabharfar cúnamh do 250 000 ealaíontóir a gcuid saothar a roinnt thar theorainneacha
  • Beidh scannáin Eorpacha ar taispéaint sna céadta pictiúrlann agus ag féilte ar fud na hEorpa, a bhuí le maoiniú ar mhaithe lena bhforbairt, a gcur chun cinn agus a ndáileadh.
  • Aistreofar 4 500 leabhar agus saothair liteartha eile, rud a chuideoidh le húdair rochtain a fháil ar mhargaí nua agus a chinnteoidh go mbeidh pobal níos leithne ag léamh a gcuid saothar.
  • Foghlaimeoidh na mílte eagraíochtaí agus gairmithe i réimse na n-ealaíon scileanna nua, rud a chuideoidh leo gníomhú ar leibhéal idirnáisiúnta.
  • Gheobhaidh gnólachtaí beaga atá ag obair i réimse na n-ealaíon agus i dtionscail na cruthaitheachta rochtain ar suas le €750 milliún in iasachtaí bainc.

Tionscadail rathúla de chuid an AE a bhfuiltear chun leanúint leo

Leanfar leis na tionscadail seanbhunaithe amhail Príomhchathair Chultúir na hEorpa, an Lipéad Oidhreachta Eorpach agus Laethanta Oidhreachta na hEorpa agus leis na gcúig ghradam a bhronnann an AE i ngeall ar oidhreacht chultúrtha, ailtearacht chomhaimseartha, litríocht, ceol agus scannánaíocht.

Borradh faoi phoist agus fás san AE

Tá príomhról ag na healaíona agus ag tionscail na cruthaitheachta i ngeilleagar na hEorpa; is ionann luach dóibh agus isteach is amach le 4.5 % d'olltáirgteacht intíre na hEorpa agus fostaítear breis is 8 milliún duine sna hearnálacha sin. Ach infheistíocht a dhéanamh sna hearnálacha sin, cruthófar poist nua agus cuirfear borradh faoin bhfás. Tabharfar cúnamh do neart gnólachtaí beaga sna healaíona agus in earnáil na cruthaitheachta rochtain níos éasca a fháil ar mhaoiniú, na scileanna atá de dhíth sa ré dhigiteach seo a fhorbairt, agus a gcumas dul i mbun oibre ar fud na hEorpa a neartú.

Preas-ráiteas - Fáiltíonn an Coimisiún roimh ghlacadh an chláir "Eoraip na Cruthaitheachta" българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Eoraip na Cruthaitheachta

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links