Cosán nascleanúna

Feabhas a chur ar an oideachas digiteach san Eoraip - 26/09/2013

Coimisinéirí Eorpacha Neelie Kroes agus Androulla Vassiliou le dalta scoile ag preasócáid

Tionscnamh nua ón AE a chuideoidh le daoine óga na scileanna ríomhaireachta a fháil a theastaíonn le bheith rathúil sa 21ú aois.

Faoi 2020, beidh scileanna ríomhaireachta de dhíth le haghaidh breis is 90% de na poist san Eoraip. Léiriú é sin ar an síormhéadú ar thábhacht na teicneolaíochta sa saol. In ainneoin an méid sin, níl na hacmhainní, an nascacht ná an trealamh ag a lán scoileanna agus ollscoileanna le coinneáil bord ar bhord leis an athrú sin.

Le dul i ngleic leis an méid sin agus chun a chinntiú go mbeidh muintir na hEorpa in ann bheith san iomaíocht sa ré dhigiteach, tá an tionscnamh 'Oideachas Oscailte' български (bg)čeština (cs)dansk (da)Deutsch (de)ελληνικά (el)English (en)español (es)eesti keel (et)suomi (fi)français (fr)hrvatski (hr)magyar (hu)italiano (it)lietuvių kalba (lt)latviešu valoda (lv)Malti (mt)Nederlands (nl)polski (pl)português (pt)română (ro)slovenčina (sk)slovenščina (sl)svenska (sv) seolta ag an AE. Is ar thuilleadh acmhainní a chur ar fáil do mhic léinn, d'eagraíochtaí agus do mhúinteoirí agus ar fheabhas a chur ar bhonneagar TF agus ar nascacht i scoileanna atá sé dírithe.

Ag dul i ngleic leis an easpa scileanna ríomhaireachta

Tá an tionscnamh nua seo ón AE mar chuid de phlean cuimsitheach an AE scileanna TF mhuintir na hEorpa a fheabhsú. In ainneoin a thábhachtaí atá an teicneolaíocht dhigiteach dúinn sa lá atá inniu ann, ní thuigeann mórán daoine oibriú inmheánach na bhfón cliste agus na ríomhairí. Labhair an Coimisinéir Eorpach um Oideachas, Androulla Vassiliou, mar seo a leanas agus an straitéis nua á lainseáil aici: "Ní leor a bheith in ann aip nó clár ríomhaireachta a úsáid; tá daoine óga de dhíth orainn ar féidir leo na gléasanna sin a chruthú iad féin." Tabharfaimid do dhaoine óga na scileanna a bheidh de dhíth orthu le post a fháil, agus san am céanna cuirfear daoine cruthaitheacha fiontracha ar fáil do mhargadh fostaíochta na hEorpa.  

Open Education Europa

Ar na huirlisí nithiúla atá an Coimisiún a thabhairt isteach tá an suíomh gréasáin nua Open Education Europa български (bg)čeština (cs)dansk (da)Deutsch (de)ελληνικά (el)English (en)español (es)eesti keel (et)suomi (fi)français (fr)hrvatski (hr)magyar (hu)italiano (it)lietuvių kalba (lt)latviešu valoda (lv)Malti (mt)Nederlands (nl)polski (pl)português (pt)română (ro)slovenčina (sk)slovenščina (sl)svenska (sv). Beidh mic léinn, múinteoirí agus an pobal i gcoitinne in ann acmhainní digiteacha saora a úsáid agus a roinnt ar an suíomh sin. Beidh gach ábhar oideachasúil a dhéantar le maoiniú ón AE ar fáil saor in aisce ar an suíomh. Beidh sé ina fhóram freisin ina bhféadfaidh múinteoirí agus mic léinn dea-úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha sa mhuinteoireacht a phlé agus a chur chun cinn, agus dea-chleachtas a roinnt.

Tabharfaidh 'Oideachas Oscailte' aghaidh ar cheisteanna eile a bhaineann leis an oideachas digiteach san Eoraip. Beidh tuilleadh tacaíochta ann d'oiliúint múinteoirí in úsáid teicneolaíochtaí digiteacha sa seomra ranga, agus beidh maoiniú ann le feabhas a chur ar idirlíon leathanbhanda agus áiseanna TF i scoileanna agus in ollscoileanna.

Oideachas Oscailte – an nuálaíocht agus scileanna digiteacha a threisiú i scoileanna agus in ollscoileanna български (bg)čeština (cs)dansk (da)Deutsch (de)ελληνικά (el)English (en)español (es)eesti keel (et)suomi (fi)français (fr)hrvatski (hr)magyar (hu)italiano (it)lietuvių kalba (lt)latviešu valoda (lv)Malti (mt)Nederlands (nl)polski (pl)português (pt)română (ro)slovenčina (sk)slovenščina (sl)svenska (sv)

Oideachas san Eoraip a oscailt don domhan ar fad

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links