Cosán nascleanúna

An bhfuil tú sa tóir ar chultúr? Fáilte go dtí an Eoraip - 22/08/2013

An Colasaem sa Róimh © AE

Ní gá dul i bhfad ó bhaile san Eoraip le teacht ar láithreacha stairiúla agus cultúrtha den scoth. Is cuma má tá tú ag dul thar lear an samhradh seo nó más sámhaí thú a fhanfaidh sa bhaile, cuir am i leataobh don chultúr.

Idir chathair mheánaoiseach Ródas agus Fhóram na Róimhe agus eaglaisí adhmaid na Polainne, níl easpa rogha ann don Eorpach a dteastaíonn uaidh tuarasóireacht chultúrtha agus stairiúil a dhéanamh.

Tionscadail caomhnaithe den scoth

Bíonn go leor oibre i gceist le foirgnimh agus saothair ealaíne a chaomhnú. I mí an Mheithimh thug an Coimisiún Eorpach agus Europa Nostra aitheantas do na hiarrachtaí atá déanta ar bhonn deonach agus gairmiúil le láithreacha tábhachtacha a chaomhnú nuair a d'fhógair siad buaiteoirí dhuaiseanna 2013 do thionscadail caomhnaithe den scoth.

An bhliain seo ba é foirgneamh láir na bPróipilaem san Aithin céadrogha an phobail. Tugadh ardmholadh do na hiarrachtaí caomhnaithe is déanaí i ngeall ar an gcaighdeán ard saoirseachta, agus go ndearnadh séadchomhartha atá ríthábhachtach do chultúr na hEorpa a tharrtháil.

Seo na tionscadail eile a fuair duais:

  • Músaem Mara an Seaplane Harbour i dTaillinn na hEastóine;
  • Téatar Rómhánach Medellin, an Spáinn;
  • Strawberry Hill, Londain;
  • Athchóiriú innealra i ngrúdlann Wielemans-Ceuppens, an Bheilg;
  • Cumann chun na healaíona agus an cultúr a chur chun cinn in oirthear na Gearmáine;
  • Tionscadal chun eolas ar thíleanna Azulejo na Portaingéile a scaipeadh.

Tacaíocht ón AE

Tugann an AE tacaíocht chun a lán de na láithreacha sin a chaomhnú – idir athchóiriú na hAcrapoile san Aithin agus ghlantachán léasair ar sheanfhreascónna in Siena na hIodáile. Tá maoiniú á chur ar fáil aige freisin ar mhaithe le taighde a thacaíonn le caomhnú sheoda cultúrtha na hEorpa. Mar shampla, tionscadal Firesense, lenar forbraíodh córas luathrabhaidh le faire a dhéanamh ar an mbaol dóiteáin agus adhaimsire atá ann i limistéir atá spéisiúil ó thaobh an chultúir de.

Taisteal an tsámhaí

Don té atá tugtha don chultúr, bhainfeadh sé sásamh as Europeana – leabharlann, músaem agus cartlann na hEorpa ar líne. Is cuma más spéis leat art nouveau nó uirlisí ceoil, ceol Gaelach nó gairdíní lusanna, tá rogha ann do gach uile dhuine.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links