Cosán nascleanúna

Ailtireacht nua san Eoraip – éirim a chomóradh - 21/05/2013

Harpa - halla ceolchoirme Réicivíce; ionad comhdhála in Réicivíc, an Íoslainn © AE

Bronnadh gradam Mies van der Rohe 2013 don ailtireacht chomhaimseartha ar Harpa, halla ceolchoirme agus ionad comhdhála i Réicivíc, an Íoslainn.

Dúirt na moltóirí gur chuidigh an foirgneamh sin chun cuan Réicivíce a bhunathrú chun feabhais agus a athbheochan. Is iad Henning Larsen Architects, Batteríið Architects agus Studio Olafur Eliasson a dhear Harpa Englishespañol .

"Agus tú ag amharc ar shamhail-bhrící scagacha trédhearcacha íocónacha Harpa, tá sé mar a bheadh solas dáite ag síorathrú ann agus cruthaíonn an íomhá sin nasc idir an chathair agus an saol laistigh den fhoirgneamh" arsa cathaoirleach an phainéil.

Le duais dhébhliantúil an AE ar son na hailtireachta comhaimseartha - ar a dtugtar gradam Mies van der Rohe freisin - déantar sármhaitheas a cheiliúradh agus tugtar tacaíocht do dhaoine tréitheacha atá ag teacht chun cinn i réimse na hailtireachta.

Daoine tréitheacha atá ag teacht aníos i saol na hailtireachta

Bhronn na moltóirí an duais 'lua ar leith d'ailtire nua' ar María Langarita agus Víctor Navarro as Nave de Música Matadero Englishespañol (Acadamh Ceoil an Tairbh Dheirg) i Maidrid, an Spáinn, a dhearadh.

Tógadh an foirgneamh laistigh de dhá mhí chun fleá cheoil a óstáil i gcoimpléasc trádstórais ó thús an 20ú haois. Cheap an painéal gur riar an foirgneamh ar riachtanais na himeachta agus gur cuireadh chun cinn agus gur saibhríodh teagmhálacha ealaíne idir na ceoltóirí san am céanna.

Bronnfar na duaiseanna ar na buaiteoirí ag searmanas an 7 Meitheamh ag Pailliún Mies van der Rohe in Barcelona.

Roghnaíodh na buaiteoirí as measc 335 ainmniúchán. Ar na hainmniúcháin Éireannacha bhí: Ionad Cathrach Ealaíon (Béal Feirste); An Amharclann 'The Lyric' (Béal Feirste); Ceannáras Comhairle Contae Loch Garman agus Scoil na Faisnéisíochta agus na nEalaíon Cruthaitheach, Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.

Is féidir aon fhoirgneamh a mheastar a bheith ag cur le saol na cathrach agus nach bhfuil dhá bhliain d'aois aige a ainmniú, bíodh sé ina theach príobháideach nó ina infreastruchtúr ar mhórscála.

Tá breis agus leathmhilliún duine fostaithe go díreach ag an ailtireacht agus cuireann sí go mór le tionscail chultúrtha agus chruthaitheacha, arb ionann iad agus 4.5% d'olltáirgeacht intíre an AE.

Tacaíonn Clár Cultúir an AE – a bhfuil buiséad iomlán €400m do 2007-13 aige – le tionscadail chomhoibríocha i réimse na hailtireachta agus na hoidhreachta cultúrtha.

Tuilleadh eolais faoi Dhuais Ailtireachta an AE DeutschEnglishfrançais

Clár cultúir an AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links