Cosán nascleanúna

Parlez-vous Eorpais? - 25/09/2012

Clár dubh ar a bhfuil Spáinnis agus Béarla scríofa © iStockphoto

Idir fholcadh ilteangach i mBeirlín agus cheolchoirm rap in Aarhus – tá imeachtaí den uile chineál ag tarlú ar fud na hEorpa le Lá na dTeangacha 2012 a cheiliúradh.

Tig le daoine a bhfuil spéis acu i dteangacha páirt a ghlacadh in oíche filíochta ilteangach i gCaerdydd nó teanga a fhoghlaim i gcaifé domhanda i Sóifia nó i mbeár ilteangach i mBúdaipeist. Níl ansin ach sampla de na himeachtaí a bheidh ag titim amach ar fud na hEorpa българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska an 26 Meán Fómhair.

Tá 23 theanga oifigiúil san AE, agus tuairim is 60 teanga réigiúnach agus mionteanga (m.sh. an Chatalóinis agus an Bhreatnais) agus breis is 175 teanga imirceach. Is é an sprioc atá leis an lá an éagsúlacht sin a chosaint agus tuilleadh daoine a spreagadh teanga eile Eorpach a fhoghlaim – rud a fhágann go mbíonn sé níos éasca maireachtáil agus oibriú thar lear agus go gcruthaítear teagmháil idir phobail chomharsanacha.

Is é Erasmus DeutschEnglishfrançais an tionscnamh teanga is mó cáil san AE, agus cuidíonn sé le breis is 230 000 duine óg dul ag staidéar thar lear gach bliain. Caitheann an AE timpeall €1 billiún ar an iomlán gach bliain ar an gclár sin agus ar chláir eile le gur féidir le saoránaigh an AE gairmoiliúint a fháil thar lear, nó obair dheonach nó obair don ógra a dhéanamh.

Leis an gclár nua Erasmus do Chách DeutschEnglishfrançais thiocfadh dúbailt beagnach ar líon na n-áiteanna a bheadh ar fáil idir 2014 agus 2020. Tá an togra sin ón gCoimisiún Eorpach á phlé faoi láthair ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa agus ag airí ó na 27 mBallstát.

Ba mhian le ceannairí an AE go mbeadh dhá theanga ar a laghad sa bhreis ar an máthairtheanga á dteagasc do pháistí ó aois an-óg.

Cruthaíodh an Séala Eorpach Teanga deich mbliana ó shin le haitheantas a thabhairt do mhodhanna nuálacha foghlama agus teagaisc teangacha. I mbliana, bronnfar duaiseanna den chéad uair ar thionscadail den scoth inar scrúdaíodh bealaí le foghlaim teangacha a fheabhsú – agus ról na dteangacha i saol domhandaithe an lae inniu.

Is iad an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa DeutschEnglishfrançaisitaliano le chéile a eagraíonn Lá Eorpach na dTeangacha.

Tuilleadh faoi theangacha san AE

Lessons from abroad: international review of primary languages English (tuarascáil)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links