Cosán nascleanúna

Mórfhéilte na hEorpa - 06/08/2012

Lucht féachana ag bualadh bos os cionn a gcloigne agus iad ag amharc ar stáitse © AE

Idir cheol clasaiceach agus cheol nua-aoiseach, idir amharclannaíocht agus damhsa – is é an samhradh an t-am den bhliain is féidir sult a bhaint as mórimeachtaí cultúrtha na hEorpa.

Níl deireadh leis an samhradh fós agus beidh go leor féilte le blaiseadh sna seachtainí beaga amach romhainn.

Seo an tseachtain dheireanach de fhéile idirnáisiúnta damhsa DeutschEnglish Vín, ina bhfuil na mílte damhsóir agus córagrafaí gairmiúil ó gach cearn den domhan. Cuirfear clabhsúr leis an bhféile cúig seachtaine seo ar an 12 Lúnasa.

Sa tSlóivéin, beidh meascán de dhamhsa agus de dhrámaíocht ar siúl ag féile bhliantúil Mladi Levi Englishslovenščina i Liúibleána (23 Lúnasa go 2 Meán Fómhair). Tá aithne mhaith ar an bhféile seo mar stáitse do thallann óg san amharclannaíocht chomhaimseartha.

Idir an 2 agus an 9 Meán Fómhair beidh Utrecht na hÍsiltíre ag eagrú Gaudeamus Muziekweek EnglishNederlands ina mbeidh lear mór cumadóirí óga idirnáisiúnta agus nuacheol ar stáitse.

Ag féile litríochta idirnáisiúnta DeutschEnglish na bliana seo i mBeirlín (4-15 Meán Fómhair) tiocfaidh breis agus 1000 údar ó gach uile chearn den domhan le chéile le léachtaí agus ceardlanna a eagrú faoina gceird.

Fleá cheoil eile is ea Punkt English a eagrófar in Kristiansand san Iorua idir an 6 agus an 8 Meán Fómhair. Is é an cumadóir cáiliúil Brian Eno a bheidh ina stiúrthóir ealaíne ar fhéile na bliana seo. Beidh idir cheoltóirí nua-aimseartha ar nós Cyclobe agus cheoltóirí traidisiúnta ar nós Malian Guimba Kouyaté le cloisteáil.

Más níos deireanaí sa bhliain a bheidh tú ag taisteal, beidh meascán draíochtúil d'amharclannaíocht, de dhamhsa, d'ailtireacht, de scannánaíocht, d'ealaín agus de litríocht le blaiseadh ag féile Steirischer Herbst DeutschEnglish san Ostair (21 Meán Fómhair - 14 Deireadh Fómhair).

Beidh drámaíocht ar stáitse ag féile amharclannaíochta idirnáisiúnta Englishslovenčina Nitra sa tSlóvaic idir an 21 agus an 26 Meán Fómhair. Glacfaidh grúpaí ó Phoblacht na Seice, ón gCróit, ón Ungáir, ón nGearmáin, ón bPolainn, ón Rómáin, ón Rúis, ón tSlóivéin, ón Ríocht Aontaithe agus ón tSlóvaic páirt i 20 taispeántas thar shé lá faoin téama "ciontacht agus neamhchiontacht".

Príomhchathracha an chultúir

Beidh príomhchathracha an chultúir san Eoraip DeutschEnglishfrançais – Guimarães (an Phortaingéil) agus Maribor (an tSlóivéin) – ag eagrú go leor imeachtaí ina ndíreofar ar shaibhreas a n-oidhreachta agus b'fhiú go mór cuairt a thabhairt orthu.

Beidh Guimarães ag cur béim ar lár stairiúil an bhaile, ceann de shuímh oidhreachta dhomhanda UNESCO, agus díreoidh Maribor ar líonraí a chruthú le cathracha eile sa cheantar chun "fuinneamh na healaíne agus an chultúir" a chur in iúl.

Tacaíocht don chultúr

Níl ansin ach roinnt bheag de na féilte agus na himeachtaí cultúrtha atá ar siúl ar fud na hEorpa. Is iomaí ceann acu a fhaigheann maoiniú ó chláir an AE don chultúr agus na meáin trína dtugtar tacaíocht do chomhphlé idirchultúrtha agus trína spreagtar ealaíontóirí agus saothair ealaíne a bhogadh ar fud na hEorpa.

Is féidir teacht ar imeachtaí breise ag Cumann Eorpach na bhFéilte Englishfrançais

Tuilleadh faoi chláir chultúir agus oidhreachta an AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links