Cosán nascleanúna

Duaiseanna oidhreachta cultúrtha - 04/06/2012

Paraschiva Kovacs, múinteoir scoile in Satu Mare na Rómáine © EU

Tugann duais oidhreachta cultúrtha 2012 aitheantas don tsár-obair i gcaomhnú, in athchóiriú agus i dtaighdiú shuímh stairiúla na hEorpa.

Tá breis agus 40 bliain dá saol tugtha ag Paraschiva Kovacs Englishfrançais do gheataí traidisiúnta réigiún Odorhei na Rómáine a dhoiciméadú agus a chaomhnú.

Thug an AE aitheantas dá cuid oibre tríd an duais bhliantúil oidhreachta cultúrtha, duaiseanna Europa Nostra Englishfrançais , agus do 27 duine eile a roghnaíodh de bharr an sár-obair atá déanta acu i gcaomhnú oidhreachta cultúrtha.

Bhí Kovacs ar dhuine den seisear a fuair mórdhuaiseanna speisialta ag searmanas i Liospóin an 1 Meitheamh. Tugadh aitheantas don méid atá bainte amach acu ar mhaithe le hoidhreacht.

Dúirt na moltóirí gur "sampla as an ngnách" a bhí in Paraschiva Kovacs de na daoine tiomanta agus neamhthoirtéiseacha ar fud na hEorpa a chuidíonn linn, gan mórán acmhainní, an tábhacht a bhaineann leis an stair a chaomhnú don todhchaí a thuiscint.

Is iad buaiteoirí eile Mhórdhuais 2012 Englishfrançais :

  • Foirgneamh Averof, an Aithin, an Ghréig Englishfrançais – sampla tábhachtach den nuachlasaiceachas Eorpach, a athchóiríodh agus a bhfuil scoil ailtireachta na hOllscoile Náisiúnta Teicniúla ann
  • Foirnéis soinneáin Uimh. 2, Sagunto, an Spáinn Englishfrançais – iarsma de thionscal iarainn agus cruach Imchuach na Meánmhara, a caomhnaíodh mar shuíomh oideachais
  • Poundstock Gildhouse, Bude, an Ríocht Aontaithe Englishfrançais – foirgneamh ón 16ú haois luath, atá in úsáid arís mar eaglais tar éis teicnící traidisiúnta a úsáid dá dheisiú
  • staidéar seandálaíochta ar an sníodóireacht luibheolaíoch ar Ara Pacis (Altóir na Síochána), an Róimh Englishfrançais – d'aithin na moltóirí an caighdeán ard a bhí sa taighde idirdhisciplíneach agus san fhoilseachán
  • clár oideachasúil Fhondúireacht Oidhreachta na hIorua, Vågå, an Iorua Englishfrançais – d'oibrigh múinteoirí agus páistí scoile le críoch-chomharthaí oidhreachta ar mhionscála a ghlanadh agus a réiteach.

An bhliain seo, bhí daoine in ann vóta a chaitheamh dá rogha buaiteora ar líne. Ba é céadrogha an phobail daingean Pamplona, an Spáinn Englishfrançais , ceann de na hurdhúnta agus dúnfoirt is fearr a caomhnaíodh san Eoraip.

Faightear tacaíocht do na duaiseanna ó chlár cultúir an AE, a bhfuil €30 mill. curtha ar fáil aige ó 2007 chun tionscadail oidhreachta a chómhaoiniú.

Is é an 1 Deireadh Fómhair 2012 an sprioc don iarratas ar na chéad duaiseanna eile.

Tuilleadh faoi thacaíocht chultúrtha agus oidhreachta Deutsch (de) English (en) français (fr)

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links