Cosán nascleanúna

Erasmus: cumais na nEorpach óg a fhorbairt - 03/02/2012

Ó 1987 i leith, thug Erasmus staidéar nó oiliúint thar lear do bheagnach 3 mhilliún Eorpach.

Luíonn tionchar na géarchéime geilleagraí is na dífhostaíochta go háirithe ar dhaoine óga. Ag cruinniú mullaigh Eorpach Eanáir, thiomnaigh na cinn stáit agus rialtais iad féin chun deiseanna oibre na n-óg a fheabhsú.

Déanann Erasmus a chion ar son an chuspóra sin trí soghluaisteacht na mac léinn a spreagadh. A bhuí leis sin, tig leo cónaí i dtír eile, teanga iasachta a fhoghlaim agus a gcuid solúbthachta a fhorbairt, buanna a bhfuil luach leo i margadh an tsaothair.

Saolta a athrú is aigní a oscailt

Is beag ní san Aontas Eorpach ar éirigh níos fearr leis ná Erasmus. In 2011, bhí 250 000 duine óg in ann staidéar nó tréimhse oiliúna a dhéanamh i dtír eile a bhuí leis an gclár sin. Tá sé ar oscailt d'ollúna freisin, is mar sin feabhsaíonn sé mianach an ardoideachais san Eoraip.

Chuir comhdháil sa Bhruiséil, " Erasmus ag athrú saolta is ag oscailt aigní le cúig bliana fichead anuas", tús le ceiliúradh an 25ú lá breithe aige. Tá imeachtaí eile eagraithe ar fud na hEorpa.

Roghnaíodh iar-mhac léinn agus ollamh i ngach ceann de na 33 tír rannpháirteacha i ngeall ar thionchar Erasmus ar a saol gairmiúil is príobháideach. Tá de chúram ar na "hambasadóirí Erasmus" sin daoine óga eile a spreagadh le tabhairt faoin eachtra.

Duine acusan is ea Tomás. In 2002, chaith an t-innealtóir aerloingseoireachta Spáinneach seo bliain in ollscoil Fhionlannach. Ansin chuaigh sé ag staidéar san Áise is ag obair sa Ríocht Aontaithe, nithe a shaibhrigh a shaol gairmiúil is príobháideach.

Bhí Piroska ar na chéad mhic leinn Ungáracha a bhain tairbhe as an gclár i 1998. Is mór a chuaigh a téarma staidéir cumarsáide sa Ghearmáin chun leasa a gairmréime mar iriseoir.

Todhchaí an chláir a ullmhú

Leanann líon na rannpháirteach ag dul i méid gach bliain, rud a dhéanann d’Erasmus an clár malartúcháin ollscoile is mó ar domhan.

Le déanaí mhol an Coimisiún clár nua "Erasmus do chách" (2014-2020). Thiomsódh an clár sin na tionscnaimh uile Eorpacha is idirnáisiúnta don oideachass, don oiliúint, don óige is don spórt agus d'fhéadfadh go mbeadh baint aige le 5 mhilliún duine.

Breis eolais faoi chlár Erasmus DeutschEnglishfrançais

Bualadh le hambasadóirí Erasmus English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links