Cosán nascleanúna

Tá guth á thabhairt d'ealaíontóirí na hEorpa - 03/11/2011

Póstaer ina dtugtar cuireadh le vótáil do "Dhuais an Phobail" – Duais na mBristeoirí Teorann Eorpacha 2012

Tá deichniúr buaiteoirí na duaise "Bristeoirí Teorann Eorpacha" 2012 fógraithe anois. Tugtar cuireadh don phobal an t-ealaíontóir is fearr leo a roghnú.

Bronntar an duais "Bristeoirí Teorann Eorpacha" ar amhránaithe is ag ghrúpaí Eorpacha a sheinneann popcheol, rac-cheol, ceol sól nó ceol leictreonach, agus ar éirigh lena gcéad albam lasmuigh dá dtír dhúchais. Sa roghnú cuirtear san áireamh an díol, minicíocht craolta na n-amhrán agus vótaí na stáisiún raidió agus na bhféilte Eorpacha.

Seo deich mbuaiteoir eagrán 2012: Elektro Guzzi (an Ostair), Selah Sue (an Bheilg), Agnes Obel (an Danmhairg), Ben l'Oncle Soul (an Fhrainc), Boy (an Ghearmáin), James Vincent McMorrow (Éire), Afrojack (an Ísiltír), Alexandra Stan (an Rómáin), Swedish House Mafia (an tSualainn) agus Anna Calvi (an Ríocht Aontaithe).

Ceol tíre a chasann an buaiteoir Éireannach. Cumadóir ceoil agus amhránaí is ea James Vincent McMorrow, a chuaigh i gcion go mór ar an bpobal le bliain go leith anuas. Eisíodh a chéad alban, Early in the Morning, i bhFeabhra na bliana 2010. Chum sé é agus é ar an gcúlráid cois trá in Éirinn, agus úsáideadh rianta as ar chainéil theilifíse na Stát Aontaithe.

Bronnfar na duaiseanna ar na healaíontóirí uile an 11 Eanáir seo chugainn le linn searmanais a chraolfar ar chainéil theilifíse is ar stáisiúin raidió na hEorpa uile.

An sméar mullaigh, gurb é an pobal féin a roghnóidh an t-ealaíontóir nó an grúpla is fearr leo. Beidh an vótáil ar líne English ar siúl ón 1ad Samhain go 31 Nollaig agus is ansin a sheolfar amach na cuirí chuig searmanas bronnta na nduaiseanna. Anuraidh is iad an grúpa Gearmánach, "The Baseballs", a bhuaigh duais speisialta an phobail, dá gceol cumhach.

San Ísiltír a bheidh an ceiliúradh, le linn na féile Eurosonic Noorderslag. Sárthaispeántas ar thionscal Eorpach an cheoil is ea í, is bíonn beagnach 300 ealaíontóir agus na mílte gairmiúlach ag an bhféile sin. Cheana féin dheimhnigh Saint Lu, Zaz agus Stromae, buaiteoirí in 2011, go mbeidís ann.

Clár Cultúir an Aontais Eorpaigh a mhaoiníonn an duais "Bristeoirí Teorann Eorpacha". Seo an naoú bliain a bhfuil sí ar siúl, taispeánann sí go bhfuil fíormhargadh ceoil ann ag leibhéal na hEorpa, agus spreagann sí ealaíontóirí óga le dul thar teorainn.

Clár Cultúir an Aontais Eorpaigh DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links