Cosán nascleanúna

Féile féilte - 01/08/2011

Lucht éisteachta ag beirt seinnteoirí giotáir atá ar stáitse © AE

Idir cheol clasaiceach is cheol nua-aoiseach, idir amharclannaíocht, ghrianghrafadóireacht is phuipéadacht - séasúr féilte is ea an samhradh san Eoraip, deis chun taitneamh a bhaint as cuid de shárthairiscintí cultúrtha ár Mór-Roinne.

Ar dtús i Lúnasa beidh ceiliúradh Torroella de Montgrí ar thraidisiún saibhir ceoil na Catalóine. Bíonn ceolchoirmeacha clasaiceacha Englishespañol ar feadh na míosa sa bhaile Spáinneach sin.

Fad is atá tú sa Spáinn, téigh chuig féile idirnáisiúnta ealaíon agus cultúir Englishespañolfrançais Santander, mar a mbíonn idir nithe traidisiúnta agus avant-garde. Bíonn ceol, rince, amharclannaíocht agus ceadail ar siúl sa chathair i rith Lúnasa.

Ionad eile d'fhéilte, sin Vín, mar a mbeidh an fhéile Eorpach is mó um rince comhaimseartha DeutschEnglish ar siúl go dtí an 14 Lúnasa.

Idir an dá linn, beidh clár éagsúil ceoil idirnáisiúnta Englishslovenščina , rince, téatair sráide agus taispeántais ealaíne á reáchtáil ag príomhchathair na Slóivéine, Liúibleána, thar dhá mhí go dtí an 7 Meán Fómhair. Féadfaidh cuairteoirí freastal ar cheolchoirm chlasaiceach Liszt oíche amháin agus ar rac-cheolra Hair cúpla lá níos déanaí.

Más Beilgeach tú, caith súil ar fhéile ceoil chlasacaigh français na Vallúine, a bheidh ar siúl i roinnt cathracha is bailte go dtí an 16 Deireadh Fómhair.

Beidh fonn ar lucht grianghrafadóireachta cuairt a thabhairt ar fhéile bhliantúil grianghrafadóireachta Englishfrançais Arles na Fraince, áit a mbeidh na mílte íomhá ar taispeáint i rith Lúnasa agus go dtí an 18 Meán Fómhair.

Má thagann fonn níos intleachtúla ort, cad faoi fhéile fealsúnachta italiano Modena? Beidh smaointeoirí idirnáisiúnta ó gach cearn den domhan i mbun plé sa bhaile Iodálach ag 200 ócáid ó 16-18 Meán Fómhair.

Na puipéid an ghné is suntasaí ag féile bhliantúil Charleville Mézières, an Festival Mondial des Theatre de Marionnettes français , sa Fhrainc ó 16-25 Meán Fómhair.

Príomhchathracha cultúrtha

Is maith is fiú Taillinn na hEastóine agus Turku na Fionlainne a chur ar do chlár taistil - is príomhchathracha Eorpacha an chultúir DeutschEnglishfrançais iad araon i mbliana, is tá sceideal mór imeachtaí acu.

Tá a hoidhreacht mheánaoiseach is a stair mhuirí á n-aibhsiú ag Taillinn, agus tá clár Turku ag díriú ar thábhacht an chultúir don fholláine is don chomhshaol.

Tacú le cultúr

Níl ansin ach cuid bheag de na féilte is na himeachtaí cultúrtha atá ar siúl ar fud na hEorpa. Is iomaí ceann acu a fhaigheann maoiniú ó chláir chultúir is mheán an AE, a thacaíonn le comhphlé idirchultúrtha is a chothaíonn gluaiseacht na n-ealaíontóirí agus na saothar ealaíne ar fud na hEorpa.

Faigh breis imeachtaí ag Cumann Eorpach na bhFéilte. Englishfrançais
Breis faoi chláir chultúir agus oidhreachta an AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links