Cosán nascleanúna

Ag caomhnú oidhreacht chultúrtha na hEorpa - 10/06/2011

Aithníonn duais an Aontais Eorpaigh 2011 um oidhreacht chultúrtha samplaí ilbhuacha de chaomhnú stairiúil, de choigilt stairiúil agus de thaighde stairiúil.

Seanghlóir ailtireachta stáisiún traenach lárnaigh a thabhairt ar ais...ag oiliúnt coimeádaithe na chéad glúine eile...ag sabháil mainistreach neamhfheidhmithe...is samplaí iad seo den obair atá ar bun ag na mílte oibrí deonacha agus ag lucht gairme le stair na hEorpa a choimeád slán.

Tá siad ag athchóiriú, ag caomhnú is ag coigilt na bhfoirgneamh, na struchtúir, na ndúnta agus na ndéantán a sheasann dár n-oidhreacht chultúrtha.

Aithníonn an AE an obair seo trína dhuaiseanna bliantúla ar son na hoidhreachta cultúrtha - ar a dtugtar gradaim Europa Nostra Englishfrançais . Tá 27 buaiteoir i mbliana; bronnfar duaiseanna €10,000 an ceann ar sheisear acu de bharr "mór-éachtaí oidhreachta".

Tacaíonn clár cultúrtha an AE leis na gradaim seo, a chuir €26m ar fáil chun tionscadail oidhreachta a chomh-mhaoiniúó 2007 i leith. Tá siad mar infheistíocht i dtionscail chultúrtha agus i dtionscail chruthaitheacha na hEorpa, a fhostaíonn 8.5 milliún duine agus atá freagrach as 4.5% d'olltáirgeacht intíre an AE.

I measc bhuaiteoirí 2011 Englishfrançais tá:

  • Iarsmalann faoin aer Weald & Downland, i gChichester, sa Ríocht Aontaithe - lárionad do chaomhnú foirgneamh, a chuireann oiliúint ar mhic léinn, ar lucht gairme agus ar oibrithe deonacha i réimsí cosúil le deilbhiú adhmaid agus i ndeisiú shaothar stairiúil brící.
  • Stáisiún Láir Antwerpen, An Bheilg - rinneadh athchóiriú agus claochlú ar an "ardeaglais iarnóid" ón 19ú haois, le go mbeadh sé ina a stáisiún nua-aimseartha le híosbhealach iarnróid trí-léibhéal.
  • An seandálaí Tomáš Durdík - le 25 bliain anuas, tá sé ag déanamh taighde, ag caomhnú is ag cosaint chaisleáin agus dhúnta i bPoblacht na Seice agus sna dúichí mórthimpeall.
  • staidéar ailtireachta ar chrios maolánach an NA i gcathair mhúrtha Nicosia, sa Chipir - sampla de thionscal caomhnaithe i limistéar íogair ina raibh baint ag saineolaithe agus oibrithe ón bpobal Gréagach agus ó phobal Turcach na Cipire.
  • Förderverein Kloster Bredelar, Marsberg, an Ghearmáin - shabháil grúpa oibrithe deonacha iar-mhainistir a bhí ag dul chun piostalais, tríd í a iompú isteach ina lárionad sóisialta agus cultúrtha.

Tuilleadh ar thacaíocht do chultúr agus do chúrsaí oidhreachta DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links