Cosán nascleanúna

Nua-ailtireacht na hEorpa a cheiliúradh - 18/04/2011

Neues Museum Bheirlín a bhuaigh gradam Mies van der Rohe 2011 don ailtireacht chomhaimseartha.

"Éacht neamhghnách" a thug cathaoirleach phainéal na mbreithiúna ar athchóiriú Sir David Chipperfield ar fhoirgneamh suntasach ón 19ú céad i bpríomhchathair na Gearmáine. Chumaisc an t-ailtire Briotanach agus a fhoireann gnéithe nua agus seanghnéithe chun a sheanghlóir a thabhairt ar ais don láithreán a loiteadh sa chogadh. Gheobhaidh sé €60 000 ag an searmanas bronnta in Barcelona an 20 Meitheamh.

Cuireadh tús le duais dhébhliantúil an AE ar son na hailtireachta comhaimseartha - ar a dtugtar gradam Mies van der Rohe freisin - i 1987 chun sármhaitheas a cheiliúradh is chun buanna nua san ailtireacht a mhisniú. Is féidir aon fhoirgneamh ná fuil dhá bhliain d'aois aige a ainmniú, bíodh sé ina theach príobháideach nó ina thionscadal bonneagair ar mhórscála.

Bhí an Neues museum English i measc 343 saothar ó 33 tír Eorpach a chuir gairmiúlaigh sa réimse ar aghaidh. Ar an gcúigear ar an ngearrliosta freisin bhí amharclann óige an Bronks (an Bhruiséil); Iarsmalann ealaíona an 21ú céad (an Róimh); Teach ceolchoirme raidió na Danmhairge (Cóbanhávan); Iarsmalann an Acrapolais (an Aithin) agus Lárionad Athshlánúcháin Groot Klimmendaal san Ísiltír.

Bhuaigh Casa Collage English , tionscadal tithíochta in Girona na Spáinne, an duais ‘lua ar leith d'ailtire nua'. Bronnfar €20 000 as a gcruthú ar na comhoibritheoirí Ramon Bosch agus Bet Capdeferro.

Ina measc siúd a bhuaigh an gradam cheana tá aerfort Stansted na Ríochta Aontaithe i 1990 agus Compántas Ceoldrámaíochta is Bailé Náisiúnta na hIorua in 2009.

Is mór a rannchuidíonn an ailtireacht le tionscail chultúrtha agus chruthaíocha, a chuireann fostaíocht ar fáil do 8.5 milliún duine san AE agus 4.5% d'olltáirge intíre na hEorpa. Tacaíonn Clár Cultúir an AE - a bhfuil buiséad iomlán €400m do 2007-13 aige - le tionscadail chomhoibríocha i réimse na hailtireachta is na hoidhreachta cultúrtha.

Breis faoi dhuais ailtireachta an AE DeutschEnglishfrançais

Clár cultúir an AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links