Cosán nascleanúna

Tús maith ar scoil - 22/02/2011

Leanbh ar an trá ag cur crosóga mara buí i gciorcal cosúil le brat an AE © AE

Pleananna chun luathrochtain ar oideachas agus ar chúram léanaí d'ardchaighdeán a thabhairt do gach naíonán san AE.

Is mó an difríocht chainníochta agus chailíochta idir oideachas agus chúram do naíonáin san Eoraip. Agus é ag freagrairt iarratais ó rialtais an AE do chomhairle agus do thacaíocht, tá bearta coiteanna българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska á moladh ag an gCoimisiún ar oideachas agus ar chúram naíonán.

Oibreoidh tíortha an AE go dlúth lena chéile chun:

  • rochtain ar oideachas naíonán d'ardchaighdeán a thabhairt do gach leanbh - agus mheasfaí go mbainfeadh na bochtáin, leanaí faoi mhíchumas, leanaí imircigh agus daoine eisiata, ar nós na Rómaigh, an tairbhe ba mhó as an rochtain sin
  • oideachas le cois cúraim a chomhtháthú
  • cothromaíocht idir scileanna acadúla agus sóisialta atá oiriúnach do na haoisghrúpaí sin a chur chun cinn
  • cinntiú go bhfuil cáilíochtaí, tuarastail agus coinníollacha oibre cearta ag baill foirne
  • chaighdeáin choiteanna a fhorbairt le dul chun cinn a mhonatóiriú

D'fhonn comhar a chothú, cabhróidh an AE le ballstáit úsáid níos éifeachtaí a bhaint as cistiú agus taighde atá ar fáil.

Go dtí seo, tá an AE ag díriú ar mhéid an chúraim do leanaí a mhéadú lena áirithiú gur féidir le níos mó tuismitheoirí, máthaireacha go háirithe, dul isteach sa mhargadh fostaíochta.

Díríonn an cur chuige nua ar riachtanais na naíonán - leanaí faoi bhun cúig nó sé bliana d'aois den chuid is mó. Is léir ó staidéir gur ríthábhachtach é an infheistíú san oideachas do naíonáin - tugann sé cabhair do leanaí atá faoi mhíbhuntáiste, feabhsaíonn sé imeascadh sóisialta agus laghdaíonn sé luathfhágáil scoile.

Trí oideachas naíonán a chur ar fáil do gach leanbh, tabharfar cabhair don AE a spriocanna chun líon na ndaltaí a luathfhágann an scoil a laghdú faoi bhun 10% agus cabhrófar le 20 millíun duine, ar a laghad, éirí as an mbochtanas agus an eisiamh sóisialta.

In 2009, leag an AE sprioc amach: oideachas agus cúram a chur ar fáil do, ar a laghad, 95% de na leanaí a raibh ceithre bliana nó níos mó acu roimh ré an oideachais éigeantaigh. Is é 92.3% méan an AE faoi láthair le cuid mhór tíortha titim chun deiridh air sin.

Pléifidh airí oideachais an AE na tograí i Meitheamh. Is cosúil go gcuirfear tús i bhfómhair 2011 le cabhair a thabhairt do gach tír chun an sprioc a bhaint amach.

Breis eolais ar oideachas agus cúram naíonán DeutschEnglish

Breis eolais ar oideachas san AE Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links