Cosán nascleanúna

Féile chultúir a léiríonn barrmhaitheas na hEorpa - 18/02/2011

Ceoltóirí clasaiceacha ar stáitse © AE

Comhdháil sa Bhruiséil faoi mhalartú cultúrtha is ealaíontóirí a léiríonn samplaí de thionscadail a mhaoinigh an AE is a leathnaíonn lucht éisteachta na healaíne.

"Sula mbeidh an Eoraip ina comhaontas míleata nó ina haonad geilleagrach, ní mór di bheith ina comhphobal cultúir ..."

Thart ar 50 bliain d'éis d'athair an AE Robert Schuman na focail sin a rá, tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh iad a thabhairt i gcrích. Thug comhdháil 2011 an Chultúir sa Siúl English 600 rannpháirteach ó gach cearn den Eoraip le chéile chun maoiniú an AE do na healaíona a phlé, mar atá is mar a bheidh.

Tá €400m á chaitheamh ag an AE in 2007-13 chun tacú leis na céadta eagras cultúir is leis na mílte ealaíontóir. Fairis sin, cabhraíonn sé chun a saothar a scaipeadh, le réimse leathan ealaíne ó gach cuid den Mhór-Roinn a chur os comhair na nEorpach.

Ar na tionscadail AE-mhaoinithe a tíolacadh sa chomhdháil, tá:

Samhlaigh 2020 - an ealaín is athrú aeráide, a mhaoiníonn ealaíontóirí a thugann aghaidh ar athrú aeráide ina saothar. Cumainn ealaíne sa Ghearmáin, sa Fhrainc, sa RA, san Ísiltír, sa Photaingéil, sa Laitvia, sa tSlóivein agus sa Chróit a reachtálann.

Féile na healaíne liriciúla Aix-en-Provence - féile bhliantúil ceoil is ceoldrámaí, a fuair deontas as saothair is léiriúcháin nua.

Líonra ealaíne meán na hEorpa - a reachtálann forais sa Ghearmáin, sa RA, san Ísiltír is sa Bhulgáir - a chabhraigh le 16 ealaíontóir óga meán le saothar turgnamhach scannáin, fuaime is ríomhaire-bhunaithe a chur ar fáil. Bhí seó dá gcuid saothair le déanaí a mheall 11 000 cuairteoir.

Fóram cathrach Diversidad - Ceol thar an gclaí - a thugann le chéile eagrais ón mBeilg, ón Iodáil, ón Ísiltír, ón Ostair, ón Spáinn is ón bhFrainc chun díriú ar ealaín cathrach. In 2009 mheall féile ceithre lá hip hap 60 000 duine. Chruthaigh an tionscadal albam comhoibritheach ceoil hip hap agus anois tá sé ag obair ar ardán digiteach ceoil, turas ar ealaín cathrach agus taispeántas graifítí.

Gach bliain maoiníonn an AE aistriú na gcéadta leabhar le húdair Eorpacha isteach i dteangacha eile. Fairis sin, tacaítear trí dheontais le féilte cultúir is le gradaim don ailtireacht chomhaimseartha DeutschEnglishfrançais , don oidhreacht chultúrtha DeutschEnglishfrançais , don litríocht DeutschEnglishfrançais , don phopcheol DeutschEnglishfrançais agus do phríomhchathracha Eorpacha an chultúir DeutschEnglishfrançais .

Is ionann earnálacha cultúrtha is cruthaitheacha na hEorpa agus 3% de gheilleagar an AE.

Clár cultúir an AE 2007-13 DeutschEnglishfrançais

Tionscadail a léirítear ag an gcomhdháil English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links