Cosán nascleanúna

Ciúnas, ag scannánú! - 11/02/2011

Sceo scannáin i ndathanna an AE © AE

Idir 10 agus 20 Feabhra, taispeánfar dhá scannán fichead ag féile scannán Bheirlín a chomh-mhaoinigh an tAontas Eorpach. Sin deis don Choimisiún a chlár nua MEDIA Mundus a thíolacadh.

Cad atá i bpáirt ag "La Môme", "Slumdog Millionaire" agus "Les Faussaires"? D'éirigh go han-mhaith leis na trí scannán Eorpacha sin, bhuadar Oscair ... agus fuaireadar maoiniú ón AE.

Tacaíonn an tAontas go mór le scannáin na hEorpa: €755 milliún don tréimhse 2007-2013, tríd an gclár MEDIA Englishfrançais . Ba mhaith leis anois a thacaíocht a leathnú thar theorainneacha na hEorpa, tríd an gclár nua MEDIA Mundus DeutschEnglishfrançais , a bhfuil faoi cur leis an gcomhar closamhairc ag an leibhéal idirnáisiúnta.

Agus buiséad €15m ar feadh trí bliana aige, is cuspóir do MEDIA Mundus na margaí idirnáisiúnta a oscailt do chineama na hEorpa, dáileadh na saothar Eorpach ar fud an domhain a fheabhsú, agus cur le dáileadh na scannán eachtrannach san Eoraip. Tá sé d'uaillmhian aige rogha an lucht féachana a mhéadú, an éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn agus cumas iomaíochta an tionscail chlosamhairc a mhéadú.

Thairis sin, táthar ag súil go gcabhróidh an clár nua le daoine gairmiúla, san AE agus sa chuid eile den domhan, chun tairbhe a bhaint as a bhfuil curtha ar fáil ag na nuálaíochtaí teicneolaíocha amhail an cineama digiteach, an físeán ar iarratas agus an teilifís idirlín, nithe a spreagann éileamh ar inneachar closamhairc.

Tá i gceist ag MEDIA Mundus tionscadail a mhaoiniú a thacóidh le líonraí idirnáisiúnta gairmiúlach a fhorbairt. Ag an Berlinale English thíolaic Coimisinéir an Oideachais agus an Chultúir an chéad 34 tionscadal a roghnaíodh.

Mar chuid den roghnú sin tá an tionscadal PUENTES, faoina n-eagraítear ceardlanna idir léiritheoirí Eorpacha is léiritheoirí ó Mheiriceá Theas. Is amhlaidh don tionscadal TAP, lena dtugtar oiliúint do léiritheoirí scannán neamhspleácha ón Eoraip, ó Cheanada is ó Mheiriceá.

Bronnadh idir 14 000 agus €1 millliún ar gach tionscadal a roghnaíodh. Seolfar gairm eile ar thograí sa dara ráithe de 2011.

Breis eolasi faoi chláir MEDIA Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links