Cosán nascleanúna

Páistí a choimeád ar scoil - 02/02/2011

Scáthanna daltaí a bhfuil málaí acu © iStock

Le rochtain níos fearr ar oideachas naíonán, le cabhair do mhúitseálaithe agus do dhaltaí laige, agus le scoileanna "dara deis", ba ceart go ngearrfaí an ráta luathfhágála scoile faoi bhun 10% roimh 2020.

Inniu, fágann thart ar shé mhilliún duine an scoil róluath gach bliain - timpeall 14% d'iomlán na ndaltaí. Is dóchúla gur saol dífhostaithe, bocht nó imeallaithe ar shlí éigin eile atá rompu.

Sainmhínítear luathfhágálaithe scoile mar dhaoine idir 18 agus 24 bliain d'aois, ná fuil ach oideachas méanscoile íseal nó níos lú acu tar éis an scoil a fhágáil.

De bhreis ar an gcostas do dhaoine aonair, cuireann a luathfhágáil na scoile bac ar fhás geilleagrach agus ar iomaíochas: is gá oibrithe oilte i ngeilleagair nua ardteicniúla, agus is dóchúla gur luathfhágálaithe scoile is mó a d'éileodh leas sóisialta, rud a chuireann brú ar acmhainní an stáit.

Tá faoi phlean an AE le dul i ngleic le le luathfhágálaithe scoile българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska rátá luathfhágalá na scoile a laghdú faoi bhun 10% roimh 2020. Áitíonn sé ar Bhallstáit beartas a chruthú chun an tsraith oideachais uile a chumhdach - na húdair um luathfhágáil na scoile a bhaint, fadhbanna a thagann chun cinn a luathaithint agus dara deis a thabhairt do dhaoine óga a mbíonn aiféala orthu de bharr a gcinntí. Ar thrí réimse a dhíríonn an plean:

  • cosc
    Ba cheart comhrochtain ar oideachas naíonán d'ardchaighdeán a fheabhsú. Ba cheart go dtabharfaí bearta isteach lena áirithiú go nglacann gach dalta páirt sa seomra ranga, amhail tacaíocht teanga do pháistí ó theaghlaigh inimirceacha.
  • idirghábháil
    Ba cheart plé le rabhacháin ar nós múitseálaithe agus daltaí laga le tacaíocht teagaisc nó meantóireachta, agus comhar le tuismitheoirí a neartú.
  • cúiteamh
    Ba cheart go dtabharfaí deis do dhaltaí a luathfhágálann an scoil cáilíocht a bhaint amach tráth níos déanaí. Ba cheart go mbeadh ranganna níos lú ag scoileanna "dara deise" mar aon le modhanna múinteoireachta níos pearsanta agus níos solúbtha i gcomparáid le scoileanna príomhshrutha.

L ghdú ar líon na ndaoine óga a thréigeann an t-oideachas róluath, tá sé ar cheann de na cúig phríomhsprioc atá ag an straitéis Eoraip 2020 chun fás a neartú agus poist a chruthú.

Tá grúpa ardleibhéil um litearthacht English curtha ar bun ag an gCoimisiún freisin. Scrúdóidh an fhoireann de 11 saineolaí na cúiseanna le scileanna ísle léitheoireachta agus scríbhneoireachta agus cuirfear tograí beartais tograí i láthair in 2012 chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin.

Breis faoi oideachas san AE DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links