Cosán nascleanúna

Bannaí ag briseadh tríd - 21/01/2011

Buaiteoirí eagrán 2011, fara Jools Holland agus Katie Melua © AE

An t-aitheantas atá tuillte acu á fháil ag cuid de na bannaí is geallúnaí san Eoraip ag na Duaiseanna Eorpacha Bristeoirí Teorann

Tá faoi na Duaiseanna Eorpacha Bristeoirí Teorann English aird a dhíriú ar éagsúlacht cheol na hEorpa agus ceoltóirí aonair nó grúpa a mhúsclaíonn suim lasmuigh dá dtír féin a oirirciú.

Is ar bhonn a ndíolachán is a gcuid ama ar an aer, sa bhaile agus i gcéin, ar neart a gceolchoirmeacha beo is ar líon na ndaoine a fhreastalaíonn orthu ar fud na hEorpa, a roghnaítear na buaiteoirí, I measc na mbuaiteoirí i mbliana bhí ceoltóirí rac, popcheoil is rince ón nGearmáin, ón Danmhairg, ón bhFrainc, ón Iorua, ón Rómáin, ón Ostair, ó Shasana, ón tSualainn, ón Ísiltír agus ón mBeilg.

Ba iad Baseballs na Gearmáine, as a n-aintiún do Snow Patrol, ‘Chasing Cars', a bhuaigh duais speisialta rogha an phobail, toradh a bunaíodh ar shuirbhé tuairimí lucht a leanta ar fud na hEorpa.

Chuir searmanas an 12 Eanáir tús leis an teacht le chéile is mó sa bhliain de thionscail an cheoil bheo - Féile Eurosonic Noorderslag san Ísiltír, a raibh an ceoltóir is pearsantacht teilifíse, Jools Holland, mar óstach air.

Bhí cuid mhaith de na buaiteoirí ag seinm ag an ócáid. Ina dteannta bhí Katie Melua - iarbhuaiteoir ar ealaíontóir seanbhunaithe anois í. Is iomaí ainm eile atá i mbéal an phobail - na Fratellis, Damien Rice agus The Thrills - a bhuaigh duaiseanna Bristeoirí Teorann.

Tacaíonn an AE le maoiniú na nDuaiseanna Eorpacha Bristeoirí Teorann trína Chlár Cultúir DeutschEnglishfrançais .

Breis faoi na Bristeoirí Teorann Eorpacha DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links