Cosán nascleanúna

Taillinn agus an Tuirc - Príomhchathracha Eorpacha an Chultúir 2011 - 11/01/2011

Cuirtear tús leis an tsiamsaíocht chun oidhreacht cúltúir an dá chathair stairiúla a chéiliúradh leis an domhan.

D'éis Essen (na Gearmáine), Pécs (na hUngáire) agus Iostanbúl (na Tuirce) a bheith mar Príomhchathracha Eorpacha an Chultúir, tá mórchlár imeachtaí i rith na bliana curtha le chéile ag Taillinn is ag Turku, príomhchathracha na hEastóine agus na Fionlainne, a mheallfaidh na deicheanna de mhílte cuairteoirí.

Agus é anois ina 26ú bliain, tá an clár príomchathracha cultúir ar cheann de na tionscnaimh cultúir is tábhachtaí san AE. Téann cathracha san iomaíocht don teideal trí imeachtaí cultúir a eagrú i rith na bliana a léiríonn a bhféiniúlacht Eorpach agus a bhaineann go díreach le saoránaigh. Ní mór infheistíochtaí móra poiblí a áireamh sna pleananna freisin. Na cathracha a bhuann, faigheann siad €1.5m an ceann i maoiniú ón AE.

Is í aidhm Taillinn cathair níos cruthaithí, dírithe ar an gcultúr, a chruthú agus aird a tharraingt ar oidhreacht mheánaoiseach agus cúlra muirí na cathrach. Seolfar tionscadail tógala, ar nós athfhorbairt na n-ionad cultúir, le linn na bliana. Áirítear 'Laethanta Muirí Taillinn' sna himeachtaí, an saorimeacht is mó do theaghlaigh san Eastóin, agus saorcheolchoirm rac ag céilúradh neamhspleáchas na hEastóine.

Díríonn clár Turku ar thábhacht an chultúir don fholláine agus don timpeallacht. Seolfar tionscadail ar nós cláracha cultúir le haghaidh folláine sna scoileanna agus i dtithe na ndaoine scothaosta sa chathair, ar chósta iardheisceart na Fionlainne. Tugann téamaí eile nádúr muirí na cathrach le fios agus scrúdaítear ceisteanna a bhaineann leis an aigne, an duine agus féiniúlachtaí éagsúla.

Oibreoidh na cathracha le chéile ar thionscadail eile le linn na bliana, agus leis sin, léireofar a ngaireacht geografach is a ngaol eitneach. Go háirithe, tá faoi na comhthionscadail aire a díriú ar fhadhbanna an truaillithe i limistéar an Mhuir Bhailt.

Chuir Taillinn tús le bliain iomlán siamsaíochta cultúir le hoscailt mhórthaibhseach a raibh ceolchoirm oíche agus tinte ealaíne inti. Beidh imeachtaí agus gníomhaíochtaí ag tosú in Turku an 15 Eanáir ar feadh trí lá, ar a mbeidh mór-thaispeántas faoin aer ar an Abhainn Aura áitiúil.

Breis faoi Phríomhchathracha Eorpacha an chultúir DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links