Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Straitéis deich mbliana d'oiliúint ardmhianaigh gairme, a thabharfaidh na scileanna d'oibrithe chun post oiriúnach a fháil i ngeilleagar síor-athraitheach.
Inniu, tá thart ar 76m Eorpach in aois oibre atá gan cháilíochtaí, nó ar bheagán cáilíochtaí, ach is mó i gcónaí is gá oiliúint de chineál éigin do na poist atá ar fáil. Meastar go méadóidh an gá le hoibrithe oilte sna deich mbliana romhainn, is dá bhrí sin is deacra a bheidh sé do dhaoine post a fháil gan na scileanna cuí. Fiú má fhaigheann siad ceann, is dócha gur lú a thuillfidh siad ná oibrithe oilte.
Tá faoin straitéis nua gairmoiliúna ![]()
an saineolas, idir eolas leathan is eolas atá oiriúnach do phost ar leith, is gá don nuagheilleagar a thabhairt d'oibrithe, anois agus feasta. Is cuspóir di mianach na gairmoiliúna is na múinteoireachta a fheabhsú, cruthaitheacht is fiontraíocht a mhisniú, agus an fhoghlaim a éascú do dhaoine ag gach céim dá ngairmréimeanna, idir acadúil is ghairmiúil.
Fairis sin, tá faoin straitéis rochtain ar ghairmoiliúint, ar chomhchéim le cách, a chinntiú do dhaoine ó chúlraí bochta, do dhaoine le sainriachtanais is d'oibrithe scothaosta.
Sa straitéis tá plean gníomhaíochta chun iarrachtaí na rialtas náisiúnta is an AE a dhíriú sna ceithre bliana romhainn. Ar na spriocanna tá:
Tig le gairmoiliúint cumas iomaíochta is fás geilleagrach na hEorpa a neartú freisin. Ach lucht oibre le raon scileanna cuí a bheith ann, is fusa a earcóidh cuideachtaí na daoine atá uathu, rud a chabhróidh leo bheith iomaíoch ar scála domhanda.
Is í an straitiés seo an t-athbhreithniú is déanaí ar phróiseas Chóvanhávan ![]()
![]()
, scéim leathan, fadtéarmach chun giarmoideachas agus córais oiliúna a fhorbairt san Eoraip. Arna bunú di in 2002, baineann sí le 33 tír (27 ballstát uile an AE agus an Chróit, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Tuirc), le ceardchumainn, le hionadaithe fostóirí is leis an gCoimisiún.