Cosán nascleanúna

An Óige ag Bogadh á Seoladh - 15/09/2010

Lógó An Óige ag Bogadh © AE

Tionscnamh AE a bhfuil faoi córais oideachais a athneartú, tacú le soghluaisteacht na mac léinn, is tabhairt faoi dhífhostaíocht i measc na n-óg.

Is cuspóir dó an óige a chur ag croí an oideachais agus na soghluaisteachta foghlama, chun a chinntiú go bhfaighidh siad an t-eolas, na scileanna agus an taithí is gá chun teacht ar a gcéad phost.

An Óige ag Bogadh, sin ceann de seacht bpríomhthionscadal Eoraip 2020 DeutschEnglishfrançais, plean nua an AE chun tacú le fás geilleagrach is le poist, le sprioc fostaíochta 75% faoi cheann deich mbliana.

"Is mian linn líon na luathfhágálaithe scoile a laghdú agus cur le líon na ndaoine óga san oideachas tríú leibhéal ionas go sroichfidh siad a dtualaing iomlán," arsa Coimisinéir an Oideachais, Androulla Vassiliou.

Feabhsóidh an t-oideachas cuí ionchas post na ndaoine a bheidh ag tosú i margadh na bpost. Inniu, tá cúig mhilliún Eorpach óg ar thóir oibre.

Sa chlár 28 pointe tá foghlaim neamhfhoirmeálta agus fiontraíocht a chur chun cinn, agus feasacht a ardú faoi dheiseanna staidéir thar lear. Fairis sin, neartóidh sé tarraingteacht an staidéir san Eoraip, trí sraith ollscoileanna ar chaighdeán domhanda a chothú.

Tacóidh saoráid mhicri-airgeadais le hóg-fhiontraithe chun a ngnóthais féin a fhorbairt.

Mar chuid den straitéis, tá an AE ag misniú ballstát chun "scéim ráthaíochta don óige" a ghlacadh. Chinnteodh an scéim sin go dtairgfí post, breis oiliúna nó taithí oibre do dhaoine óga laistigh de sé mhí d'éis dóibh an scoil a fhágáil.

Beidh suíomh gréasáin tiomnaithe An Óige ag Bogadh dóibh siúd a bhfuil suim acu i staidéar nó i dtaithí oibre thar lear, agus pas nua Eorpach scileanna lena úsáid ar fud an AE. Glacfaidh an Coimisinéir Vassiliou páirt sa phlé българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska ar líne faoin Óige ag Bogadh ar a 2:00 i.n. am na hÉireann Dé hAoine an 17 Meán Fómhair. Is féidir ceisteanna a chur roimhré in aon teanga de chuid an AE chuig EAC-YOM@ec.europa.eu.

AS an Oideachais agus an chultúir DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links