Cosán nascleanúna

Fánaíocht trí na féilte Eorpacha - 30/07/2010

Beirt rinceoirí bailé ar stáitse © AE

Tá an samhradh ar ais, agus fairis séasúr na bhféilte. Eagraíodh an iliomad taispeántas cultúrtha ar fud na hEorpa, rud a thugann deis chun aithne a chur ar ealaíontóirí is ar áiteanna eisceachtúla.

D'fhéadfadh turas an bhféilte san Eoraip tosú sa Fhrainc, in Avignon: eagraíonn an chathair féile mhór amharclainne Englishfrançais i mí Iúil gach bliain, a fháiltíonn roimh 40 dráma. Buaicphointe na féile i mbliana - tá Richard II le Shakespeare á chur i láthair i gcúirt onóra Phálás na bPápaí.

Fós in Iúil, beidh Féile Idirnáisiúnta na gCeolfhoirne Óga English ar siúl i bhFlórans dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa cheol siansach. Tá an ócáid sin nasctha le Féile Chathair Ríge agus le Bláthú Ceoil Provence, agus cuireadh fáilte lena linn roimh cheoltóirí óga ó 7 dtír Eorpacha, i gcreat an tionscadail Eachtra an bhFéilte Eorpacha, a mhaoiníonn an Coimisiún Eorpach.

Agus í ina príomhchathair Eorpach an chultúir, cuirfidh cathair Pécs DeutschEnglishmagyar na hUngáire deireadh le seachtain idirnáisiúnta an chultúir le ceolchoirm Goran Bregovic, amuigh faoin spéir. Féadfaidh an lucht féachana dul go Pécs ó Bhúdaipeist i seantraein a thaistealaíonn idir an dá chathair.

Ní theipfidh ar lucht leanúna na bhféilte ansin cuairt a thabhairt ar Vín, mar ar eagraíodh an Fhéile Rincí Comhaimseartha DeutschEnglish is mó riamh, a bheidh ar siúl go dtí an 15 Lúnasa.

Ina dhiaidh sin, d'fhéadfaidís dul chun na Gearmáine chun aithne a chur ar réigiún an Ruhr, ar cathair Eorpach an chultúir freisin é. Tráth dá raibh, ba í abhainn an Emscher an ceann ba thruaillithe san Eoraip, agus anois is ansin atá an tionscadal athbheochana is mó dár tugadh faoi riamh. Tá cuireadh ag cuairteoirí go Meán Fómhair chun eolas a chur ar na claochluithe ar oileán an Emscher, ina bhfuil dealbha, feistí agus tionscadail neamhghnácha a chum 40 ealaíontóir.

Is iad cláir "Cultúr" agus "Meáin" an Choimisiúin a mhaoiníonn roinnt mhaith d'imeachtaí seo an tsamhraidh, agus sa tslí sin cabhraíonn siad le heolas a scaipeadh faoi na saothair, leis an gcomhphlé idirchultúrtha agus le soghluaisteacht na ngairmiúlach sna hearnálacha sin ar fud an AE ar fad.

Beidh na féilte ar siúl ar feadh an tsamhraidh go léir agus tá a lán imeachtaí cultúrtha eile ar fud na hEorpa ag fanacht chun go mbainfí taitneamh astu.

 

Breis eolais faoi bheartas cultúir na hEorpa DeutschEnglishfrançais

Cumann na bhFéilte Eorpacha Englishfrançais - faigh féile in aice leat féin

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links