Cosán nascleanúna

Éirim na hEorpa ag lonrú in Cannes - 17/05/2010

Lógó an chláir Media © EU

Dóchas ar Palme d'Or ag 6 scannán a deineadh le cabhair an AE.

Rognaíodh 20 scannán AE-mhaoinithe lena dtaispeáint ag féile na bliana seo, le 6 acu ar díriú ar an gcéad duais.

"Tá gliondar orm go bhfuil ionad chomh tábhachtach ag scannáin Eorpacha arís in Cannes," arsa Coimisinéir an chultúir Androulla Vassiliou. "Tá bród orm gur cuid den scéal rathúil seo an clár MEDIA."

Bhí baint ag clár MEDIA an AE le 8 mbuaiteoir Palme d'Or ó 2000. Tá Oscar buaite ag roinnt scannán MEDIA-mhaoinithe, ina measc "Slumdog Millionnaire."

Arna bhunú i 1990, tá €755m caite ag an gclár sa tréimhse 2007-13. Tá faoi tacú leis an tionscal closamhairc san Eoraip agus cur le cúrsaíocht na saothar Eorpach lasmuigh den AE. Chun na críche sin, leithdháiltear 65% an airgid don dáileadh is don chur in aithne. Ní mhaoiníonn an clár an táirgeadh scannán féin.

Ón mbliain seo chugainn, beidh réim dhomhanda ag tacaíocht scannán an AE, le seoladh na scéime malairte DeutschEnglishfrançais chun naisc chruthaitheacha is thráchtála a thógáil laistigh den Aontas is lasmuigh di. Deiseanna gnó a chruthú agus rogha don lucht féachana ar fud an domhain a mhéadú, sin iad na cuspóirí.

Le blianta beaga anuas, buaileann gairmiúlaigh ó thionscal na scannán le polaiteoirí ag féile Cannes chun cora agus tosaíochtaí maoinithe a phlé. I mbliana is í an Coimisinéir Vassiliou a bheidh mar óstach an chruinnithe is a fhógróidh buaiteoir na Duaise Éirime Eorpaí 2010. Cómórtas bliantúil is ea é sin idir thionscadail lena dtacaíonn an clár, chun teacht ar an scannán leis an téama Eorpach is fearr.

I measc na 6 scannán AE-mhaoinithe atá sa chomórtas do Palme d'Or na bliana seo, tá 3 cinn le déantóirí scannán Francacha: "On Tour," "Of God and Men" agus "The Princess of Montpensier," le Mathieu Amalric, Xavier Beauvois agus Bertrand Tavernier faoi seach.

Seo na 3 scannán eile: "My Joy" le Sergei Loznitsa (Úcráin), "Certified Copy" le Abbas Kiarostami (Iaráin) agus "Tender Son-The Frankenstein Project" le Kornél Mundruczó (Ungáir).

Féile scannán Cannes - suíomh oifigiúil Englishespañolfrançaisportuguês

Suíomh gréasáin Androulla Vassiliou Deutsch (de) ελληνικά (el) English (en) français (fr)

Beartas closamhairc an AE

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links