Cosán nascleanúna

Féiniúlacht na hEorpa - 09/03/2010

Acrapoil na hAithne ©EU

Aibhsíonn an AE suímh a cheiliúrann is a shiombalaíonn imeascadh, idéalacha is stair na hEorpa

Tá 500 milliún duine ina gcónaí san Aontas Eorpach. Ach is beag díobh a thugann saoránaigh den AE orthu féin. Nuair a fhiafraítear díobh cad as dóibh, is gnách freagra náisiúnachta .

Dúshlán don imeascadh Eorpach is ea easpa na féiniúlachta láidre Eorpaí, ach ní hionadh sin. Smorgasbord ollmhór teangacha is nósanna is ea an Mhór-roinn, agus is cosúil gur minice difríochtaí ná cosúlachtaí idir thíortha.

Chun braistint chomhuintearais níos mó a thabhairt d'Eorpaigh, chinn an Coimisiún an lipéad oidhreachta Eorpacht a urrú, sin clárlann suíomh staire a dtéann a dtábhacht thar na teorainneacha náisiúnta. An Fhrainc, an Ungáir is an Spáinn a sheol an tionscadal in 2006, is bhí faoi feasacht is omós na nEorpach dá gcomhstair is dá n-oidhreacht chultúrtha, atá coiteann ach éagsúil, a mhéadú.

Inniu tá 18 dtír páirteach ann, ina measc an Eilvéis. Agus i bhfad níos mó suíomh stairiúil sa chlárlann anois, amhail an Acrapoil, teach Robert Schuman - an státaire Francach ba dhuine de bhunaitheoirí an AE - agus longchlóis Gdansk mar ar bunaíodh ceardchumann Solidarnosc, faoi deara sraith imeachtaí a chuir deireadh leis an gCogadh Fuar.

Agus an tionscadal á ghlacadh ar láimh aige, tá faoin AE a éirim a leathnú agus breis infheiceachta is gradaim a thabhairt dó. Chun an stádas a fháil, ní mór go dtaispeánfaí tábhacht na suíomh oidhreachta i bpróiseas an imeasctha Eorpaigh. Ansin cuirfear plaic, a mbeidh an lógó oidhreachta uirthi, ag béal an tsuímh.

Ní faoi chultúr amháin é seo, ámh. Ar nós shuíomh oidhreachta domhanda UNESCO, meallann an lipéad turasóirí, is neartaíonn geilleagar an réigiúin.

Comhlánaíonn an chlárlann tionscnaimh Eorpacha amhail Príomhchathair Eorpach an chultúir DeutschEnglishfrançais agus clár malartúcháin Erasmus do mhic léinn. Le blianta beaga anuas, thacaigh siadsan leis an gcomhthuiscint is an imeascadh Eorpach trí shamplaí nithiúla den chomhchultúr a thabhairt.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links