Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Onóraíodh ceoltóirí Eorpacha as albaim thosaigh mhórdhíola lasmuigh dá dtír féin.
Is measc bhuaiteoirí na nduaiseanna Eorpacha do Bhristeoirí Teorann
i mbliana tá an grúpa popcheoil Francach Sliimy agus an t-amhránaí is cumadóir ceoil Briotanach Charlie Winston.
Chun daoine a aithint a shroich lucht éisteachta níos leithne, is chuig na ceoltóirí is fearr a dhíolann a gcéad albam san AE, i dtíortha seachas a dtír féin, a théann na duaiseanna.
Ag searmanas teilifísithe Dé hAoine i gcathair Ollannach Groningen oíche oscailte na féile ceoil EuroSonic Noorderslag
a bhronnfar na duaiseanna. An phearsantacht Bhiotanach teilifíse Jools Holland a bheidh mar óstach na hócáide, ina seinnfidh daoine a bhuaigh na duaiseanna go dtí seo.
I measc na mbuaiteoirí i mbliana tá cuid de na hainmneacha is teo sa cheol nua-aoiseach Eorpach. Seachas Winston agus Sliimy, tá Milow (an Bheilg), Peter Fox (an Ghearmáin), Soap&Skin (an Ostair), Kerli (an Eastóin), Jenny Wilson (an tSualainn), Buraka Som Sistema (an Phortaingéil), Esmee Denters (an Ísiltír) agus Giusy Ferreri (an Iodáil).
Le fógairt fós - buaiteoir na duaise "Rogha an Phobail", a rachaidh don bhanna is fearr as na 10 gcinn, dar leis an bpobal. Reáchtáladh an vóta ar líne i mí na Nollag.
Ina seachtú bliain anois dóibh, soilsíonn Bristeoirí Teorann rath idirnáisiúnta is tacaíonn siad le tionscal ceoil na hEorpa, ina bhfuil thart ar 600,000 fostaithe.
Ina measc siúd a bhuaigh go dtí seo tá ealaíontóirí dea-bhunaithe amhail Carla Bruni, Adele, Katie Melua, Damien Rice, The Fratellis, Gabriel Rios agusTokio Hotel.