Cosán nascleanúna

An Cuirtín Iarainn réabtha - Cuimhníonn an Eoraip - 06/11/2009

Ceiliúrann an Eoraip 20 bliain ó thitim Bhalla Bheirlín

An 9 Shamhain, beidh 20 bliain ann ó ghéill Údaráis na Gearmáine Thoir faoi dheireadh is gur cheadaigh siad dá saoránaigh bogadh saor ó bhac idir Beirlín Thoir na gcummanach agus Beirlín Thiar.

Thiar i 1989, i dtosach is le díchreideamh a chualathas an nuacht - agus go tapa ina dhiaidh sin bhí cóisirí sráide allghairdeacha, scuainí fada chun cuairt a thabhairt ar an "taobh eile" agus athaontuithe mothúchánacha. Barrchríoch ar ghluaiseachtaí - go minic faoi thalamh - i gcoinne chórais chummanacha oirthear na hEorpa, a bhí sa lá úd.

Ceiliúrfaidh imeachtaí cultúrtha DeutschEnglishfrançaispolski ar fud na hEorpa réabadh an Chuirtín Iarainn . Sa Ríocht Aontaithe, teilgfear póstaeir íocónacha ó 1989 ar phríomhfhoirgnimh, agus eagróidh oifig an AE i mBaile Átha Cliath taispeántas.

Roinneadh Balla Bheirlín Bheirlín Thoir ó Bheirlín Thiar ó 1961.

Ba léir céad chomharthaí an athraithe chomh luath le 1988, tar éis a lán stailceanna, nuair a d'aontaigh rialtas na Polainne labhairt le gluaiseacht an fhreasúra, Dlúthpháirtíocht. Ní fada gur scaip na tonnta easaontais go fuílleach oirthear na hEorpa.

D'oscail an Ungáir a teorainneacha leis an Ostair i mí na Bealtaine 1989, agus b'shin an chéad scoilt sa Chuirtín Iarainn. I Lúnasa, ghabh dhá mhilliún duine sna trí stát Bhaltacha - an Laitvia, an Eastóin agus an Liotuáin - lámha a chéile chun slabhra 600 km a dhéanamh idir na príomhchathracha agus aird a tharraingt ar a n-éilimh ar neamhspleáchas.

An 3 Deireadh Fómhair 1990, athaontaíodh an Ghearmáin Thoir leis an nGearmáin Thiar go foirmeálta agus rinneadh cuid den AE de chríocha na sean-Ghearmáine Thoir. De réir mar a thit córais chummanacha eile as a chéile is gur tháinig rialtais nua, shaorthofa ina n-áit, dréachtaíodh pleananna chun cabhrú leo na critéir do bhallraíocht san AE a chomhlíonadh. Ina measc sin bhí institiúidí cobhsaí, daonlathacha, an smacht reachta agus cosaint ar chearta an duine a bhunú, chomh maith le geilleagar margaidh a chur ag feidhmiú.

Ó shin i leith, chomhaill 10 dtír iarchumannacha na riachtanais seo. I 2004, rinneadh baill den AE de Phoblacht na Seice, an Pholainn, an Laitvia, an Liotuáin, an Eastóin, an Ungáir, an tSlóvaic agus an tSlóivéin. I 2007, tháinig an Rómáin agus an Bhulgáir isteach chomh maith.

Taistealaíonn, oibríonn agus déanann saoránaigh an AE staidéar faoi shaoirse anois ar fud na 27 ballstát, tairbhíonn gnóthais de lánpháirtiú méadaitheach mhargadh na hEorpa, agus fiú amháin chomhaill an tSlóvaic agus an tSlóivéin na coinníollacha is gá chun airgeadra aonair an AE, an euro, a ghlacadh.

Chuir sé seo go léir go mór leis an tsíocháin agus leis an gcobhsaíocht bhuanmharthanach san Eoraip, nithe a bhféachann an tAE lena gcaomhnú.

 

Tuilleadh faoin gCuirtín Iarainn DeutschEnglishfrançaispolski

Stair an AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links