Cosán nascleanúna

Stair an AE ar ghliogáil luiche - 26/10/2009

Póstaer ar shiopa leabhar an AE ag tráth seolta na leabharlainne digití ag aonach leabhar Frankfurt © EC

Tugann leabharlann dhigiteach nua AE rochtain don phobal ar fhoilseacháin an AE le 60 bliain anuas.

An 16 Deireadh Fómhair, sheol siopa leabhar an AE a leabharlann dhigiteach, a bhailiúchán ar líne ina bhfuil gach doiciméad a d'fhoilsigh an tAE ó 1952 – oll-líon 110, 000 foilseachán. Agus na cartlanna san áireamh anois, tá 12 mhilliún leathanach scanta i 50 teanga sa leabharlann dhigiteach.

Ceann de na doiciméid is sine sa leabharlann, sin óráid ó Mheán Fómhair 1952 a thug Jean Monnet – duine suntasach i laethanta tosaigh an imeasctha Eorpaigh - don Tionól is Parlaimint na hEorpa anois ann.

Cruthaíodh an leabharlann dhigiteach mar fhreagairt ar éileamh ollmhór ar leaganacha digiteacha na bhfoilseachán a bhí as cló. Sháithigh iarratais an tseirbhís PDF-ar-éileamh laistigh de sé mhí ó seoladh siopa leabhar an AE in 2007.

Oifig na bhFoilseachán san AE a reáchtálann an siopa leabhar. In 2008 amháin d'fhoilsigh sí 842 eagrán den iris oifigiúil, tréimhseachán ina bhfuil gach doiciméad dlí de chuid an AE, agus 8,446 foilseachán eile, agus dháil sí 46.3 milliún cóip díobh. Tá fáil ar na foilseacháin seo go léir trí shiopa leabhar an AE, mar ar féidir cóipeanna PDF a íoslódáil saor in aisce nó a ordú mar leaganacha clóite.

Nascfar an leabharlann dhigiteach nua le Europeana , leagan digiteach ar leabharlanna is ar chartlanna ó gach cearn den Eoraip.

Breis eolais faoi shiopa leabhar an AE

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links