Cosán nascleanúna

Erasmus ag an 2 mhilliún - 06/10/2009

Grúpa daoine óga © EC

Thart ar 22 bliain d'éis Erasmus a sheoladh, tá éirithe le dhá mhilliún mac léinn Eorpach staidéar a dhéanamh nó glacadh le socrúchán oibre thar lear le tacaíocht an chláir.

An raibh fonn ort riamh dul ag staidéar i mBarcelona nó intéirneacht a dhéanamh i Londain? Tá 160 000 mac léinn Eorpach agus 27 000 ó fhoirne teagaisc i bhforas ardoideachais a chuaigh thar lear ag staidéar nó ag múineadh sa bhliain acadúil 2007/2008 amháin.

Aithníonn ollscoil bhaile an mhic léinn cúrsaí a leantar i dtír eile, mar sin is cinnte nach am amú téarma nó dhó a chaitheamh thar lear. Chomh maith le deiseanna acadúla a leathnú, ar leibhéal an duine tacaíonn an clár le scileanna idirchultúrtha agus cabhraíonn chun mic léinn a dhéanamh neamhspleách. Cabhraíonn deontas míosúil thart ar €250 - ag brath ar ollscoile bhaile an mhic léinn - chun na costais a ghlanadh.

Fairis sin, neartaíonn an clár malairtí múinteoirí agus comhar ginearálta idir chomhlachtaí ardoideachais ar fud na hEorpa agus lastall di. Glacann breis is 4 000 foras ardoideachais i 31 tír páirt sa chlár faoi láthair - sin 90% d'ollscoileanna an AE. Ardóidh an figiúr sin nuair a thiocfaidh an Chróit agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine isteach in Erasmus níos déanaí i mbliana.

Tá deontais Erasmus ar fáil freisin do shocrúcháin oibre i gcuideachtaí is in eagrais thar lear. Tá méadú ar líon na mac léinn a théann sa treo sin - thart ar 20 000 in 2007/08.

Breis faoi chlár Erasmus DeutschEnglishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links