Cosán nascleanúna

Féasta na dteangacha Eorpacha - 24/09/2009

Póstaer faoi lá teangacha an AE ar crochadh ar fhoirgneamh © EC

Ceiliúradh ar iliomad na dteangacha a labhraítear san AE is ea Lá Eorpach na dTeangacha. Faigh amach faoi na himeachtaí i do thírse le linn na seachtaine roimh an 26 Meán Fómhair.

Spéis i dteangacha is i bhfoghlaim teangacha a chur chun cinn i ndaoine fásta is i bpáistí, sin is aidhm dó. Mar sin, pé aois nó pé spéis i dteangacha atá agat, beidh rud éigin duitse i measc na 300+ imeacht (breis is 50 in Éirinn agus sa Bhreatain).

Beidh idir shúgradh is dáiríre sna himeachtaí - idir chluichí is thráthanna na gceist, chomh maith le tráthnónta liteartha agus plé faoi bheartas teanga.

IMás i mBaile Átha Cliath duit an 25 Meán Fómhair, buail isteach chuig Teach Farmleigh, áit a mbronnfar a nduaiseanna ar bhuaiteoirí Éireannacha na Duaise Eorpaí do Theangacha. Beidh óráid ón Ollamh David Crystal, scríbhneoir, eagarthóir, léachtóir is craoltóir. Nó faigh breis eolas faoi chúrsaí Gaeilge is teangacha eile ar fud na hÉireann.

Sa Bhruiséil is i Lucsamburg - príomhshuímh Choimisiún an AE - beidh comhdháil agus ócáid preasa faoi theangacha a fhoghlaim go hóg le Coimisinéir an Ilteangachais Leonard Orban (24-25 Meán Fómhair).

Ar feadh an lae an 25 Meán Fómhair beidh scéalaíocht, amhránaíocht, cluichí teanga is gníomhaíocht eile do pháistí.

Faoi dheireadh, tá am fós do mheánscoileanna an AE clárú do chomórtas aistriúcháin 'Juvenes Translatores' na bliana seo. An 20 Deireadh Fómhair an sprioc chun clarú agus is é an 24 Samhain lá an chomórtais.

Imeachtaí Lá Eorpach na dTeangacha Englishfrançais – cuardaigh de réir tíre

Oifigí an Choimisiúin i dtíortha an AE – pointí teagmhála d'eagraithe imeachtaí.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links