Cosán nascleanúna

Smaointe a bhogann an Eoraip lá an earraigh - 14/04/2009

Lógó Lá an Earraigh don Eoraip 2009 © EC

Tabharfaidh polaiteoirí Eorpacha cuairt ar scoileanna ar fud na hEorpa mar chuid de 'lá an earraigh' 2009

Beidh díospóireachtaí agus comórtais dírithe ar an AE ar siúl i scoilenna ar fud an AE mar chuid de lá an earraigh don Eoraip. Déanfaidh coimisinéirí agus FPE-anna a gcion, ag tabhairt cuairte ar scoileanna is ag freagairt ceisteanna i gcomhrá ar líne.

I gceann d'imeachtaí lárnacha lá an earraigh, beidh pearsana poiblí ag dul “ar ais ar scoil” chun téamaí Eorpacha a phlé leis na mic léinn. Ar liosta na n-aíonna ionchasacha tá FPE-anna, coimisinéirí Eorpacha, ollúna ollscoile agus ionadaithe ó údaráis réigiúnacha is náisiúnta. Ach sa deireadh thiar is iad na mic léinn a chinnfidh cé hé a bhfuil fonn orthu bualadh leis/léi is cuirfidh siad amach na cuirí iad féin.

Túsphointe maith d'éinne atá ag lorg ábhar lena bplé is ea na hailt in iris lá earraigh English don ócáid. In ailt le déanaí, a scríobh mic léinn idir 10 is 20, tá cur síos ar an tionchar ar scoileanna ó plean nua sa Phortaingéil chun cách a chur ag úsáid breis teicneolaíochta, agus ar shainmhínithe na cruthaitheachta is na nuála - téama na bliana Eorpaí 2009 English .

Ócáid bhliantúil is ea lá an earraigh a bhíonn ar oscailt don uile scoil san Eoraip agus thairsti. Ach a bheith cláraithe, bíonn rochtain ag scoileanna ar ghníomhaíochtaí an tairsigh ghréasáin, ar chomórtais, ar acmhainní, ar uirlisí is ar sheirbhísí. Tig leo cumarsáid a dhéanamh le scoileanna ar fud na hEorpa chun smaointe a mhalartú is eolas a fháil faoi chultúir eile.

Líonra 31 aireacht oideachais Eorpach, ar a dtugtar European schoolnet, a eagraíonn lá an earraigh, le maoiniú ón AE.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links