Cosán nascleanúna

Cibear-phobal do scoileanna - 13/02/2009

Tógann múinteoirí suíomh gréasáin oideachais i dtreo nua.

Mar thionscadal chun cabhrú le comhoibriú na scoileanna tríd an idirlíon a thosaigh sé. Ach ceithre bliana níos déanaí, tá ról nua faighte ag suíomh gréasáin AE: dea-shuíomh líonraíochta sóisialta do mhúinteoirí atá ann anois.

Go dtí seo shínigh thart ar 55, 000 múinteoir, príomhoide is leabharlannaí scoile ó 29 tír isteach sa tairseach ríomhnasctha българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska saor in aisce – líon atá ag fás go tapa.

“Riamh cheana ní fhacamar scoileanna Eorpacha ag comhoibriú ar scála chomh fairsing,” a scríobh scoláire amháin is iarsmaí forleathana á dtuar aige, san fhoilseachán Ríomhnascadh – Eachtraí teanga is cultúir български čeština dansk Deutsch eesti keel ελληνικά English español français italiano latviešu valoda lietuvių kalba magyar Malti Nederlands polski português Româna slovenčina slovenščina suomi svenska le déanaí.

Seirbhís ar líne a seoladh i 2005 faoi chlár oideachais DeutschEnglishfrançais Comenius an AE, comhlíonann sí fós a bunchuspóir – cur ar chumas na scoileanna seomraí ranga fíorúla a bhunú ina mbeadh trealamh físchomhdhála is closchomhdhála. Tig le mic léinn i dtíortha éagsúla cruinnithe a reáchtáil, obair a thaisceadh agus acmhainní faoi chomhthionscadail a mhalartú i dtimpeallacht shlán. Tá breis is 5 300 tionscadal cláraithe leis an tairseach faoi láthair, atá ar fáil i 23 teanga. Tá trealamh ar fáil do thionscadail amhail bréag-chuideachta a bhunú agus, do pháistí óga, síscéal digiteach a léiriú.

Ach, mar a tharlaíonn go minic sa chibearspás, tá saol dá chuid féin ag an tionscadal anois agus breis múinteoirí ag teacht air de shíor. Níl dhá thrian de na 55 000 ball gníomhacha cláraithe le tionscadal scoile. Shínigh a bhformhór isteach chun bualadh le lucht gairme oideachais is chun smaointe a mhalartú. Múinteoirí a chuireann breis is 5,000 teachtaireacht ar an suíomh gach mí.

European Schoolnet English ,comhpháirtíocht 31 aireacht oideachais Eorpach, a bhainistíonn an tairseach. Agus sceitimíní orthu gur éirigh chomh maith leis, d'eisigh na stiúrthóirí gréasáin leagan nua den tairseach le tacú leis an treocht. Tá uirlisí nua ann (amhail blaganna agus vicithe) a dhíríonn ar chomhoibriú ginearálta, ní ar thionscadail amháin.

Eagraítear comórtas gach bliain българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska do na tionscadail is fearr. I measc na n-iomaitheoirí is fearr i mbliana tá tionscadal ó cheithre scoil (i Sasana, san Fhrainc, sa Spáinn is san Iodáil) a mheasann podchraoltaí mar uirlisí foghlama. Fógrófar na buaiteoirí ag an gcomhdháil bhliantúil um ríomhnascadh i bPrág an 13-15 Feabhra.

Breis eolais faoi chláir oideachais an AE – foghlaim fadsaoil DeutschEnglishfrançais .

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links