Cosán nascleanúna

Scimeáil shábháilte do pháistí - 10/02/2009

Socraíonn AE comhaontú scimeála sábháilte le 17 suíomh líonraíochta sóisialta.

D'aontaigh 17 suíomh gréasáin iomráiteacha ar choimircí a chur isteach chun daoine óga a chosaint ó phriacail príobháideachta is sábháilteachta. Ina measc tá Facebook, MySpace, YouTube, an suíomh gréasáin Francach d'fhíseáin Dailymotion agus Habbo Hotel, domhan fíorúil is maith le páistí.

D'fhás an líonrú sóisialta breis is 35% san Eoraip le bliain anuas. Úsáideoirí rialta is ea 42 milliún duine, is táthar ag súil go ndúblóidh a líon faoi 2012.

Misníonn suíomhanna líonraíochta sóisialta mothú gur i measc dlúthchairde atá siad nuair a d'fhéadfadh na milliúin daoine a bheith ag léamh fúthu. Ardaíonn na hearralanna eolais phríobháidigh seo an priacal go bhfaighidh úsáideoir teachtaireachtaí ciaptha nó go dtiocfadh creachadóir ina araicis.

Mianach óir do lucht fógraíochta ar líne iad, mar cuireann úsáideoirí eolas fúthu féin ar líne agus ansin is sprioc iad do tháirgí is do sheirbhísí chun iad a mhealladh.

Faoi chomhaontú a síníodh le linn searmanais chun Lá na Sábháilteachta Idirlín DeutschEnglishfrançais a cheiliúradh, d'aontaigh na 17 gcuideachta a chinntiú:

  • go dtig le húsáideoirí mí-úsáid a thuairisciú le gliogáil amháin
  • go socrófaí go "príobháideach" an réamhshocrú do phróifílí ar líne is do liostaí teagmhála d'úsáideoirí faoi bhun 18
  • nach mbeidh próifílí príobháideacha na n-úsáideoirí faoi 18 inchuardach a thuilleadh
  • go mbeidh na roghanna príobháideachta níos suntasaí ionas go mbeidh a fhios ag úsáideoirí cé atá in ann a bhfuil ar líne fúthu a léamh - a gcairde amháin nó an saol mór.

 

Gheall na cuideachtaí go ndéanfar dul chun cinn suntasach i gcur chun feidhme an chomhaontaithe faoi Aibreán 2009. Tá roinnt de na beartais ag feidhmiú cheana féin mar féachann líonraí len iad féin a chosaint i gcoinne éileamh gníomhaíochta mídhleathaí nó gur sháraigh siad príobháideacht. Shaorghlan MySpace 90, 000 ciontóir gnéis le dhá bhliain anuas.

Thug Viviane Reding, coimisinéir na sochaí faisnéise agus na meán, "céim thábhachtach" chun líonraí sóisialta a dhéanamh sábháilte do pháistí ar an gcomhaontú.

Fairis sin, sheol an Coimisiún feachtas i gcoinne na cíbear-mhaistíneachta English – ciapadh tríd an ngréasán nó ar an bhfón póca. Fadhb atá ag fás is ea í, agus is gnách gur téacs-theachtaireachtaí naimhdeacha nó grianghraif nó físeáin chun cur as d'úsáideoirí a bhíonn iontu.

Mar chuid den fheachtas, ar bhealaí teilifíse poiblí is príobháideacha ar fud na hEorpa tá gearrthóg físe faoi chailín óg atá mar sprioc ag cíbear-mhaistíní.

Breis eolasi faoi chlár sábháilteachta idirlín an AE English .

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links