Cosán nascleanúna

Rath thar lear - réaltaí nua do dhuaiseanna Lucht Briste Teorann - 14/01/2009

An Lógó do Dhuais Lucht Briste Teorann san Eoraip© EC

Onóir do cheoltóirí Eorpacha as albaim mhór-ráchairte

Beidh deich réalta nua páirteach i nduaiseanna Lucht Briste Teorann san Eoraip English na bliana seo. Chun daoine a aithint a shroich lucht éisteachta níos leithne, is chuig na ceoltóirí is fearr a dhíolann a gcéad albam san AE, i dtíortha seachas a dtír féin, a théann na duaiseanna.

I measc na mbuaiteoirí i mbliana tá cuid de na hainmneacha is teo ar stáitse ceoil na hEorpa - Adele (An Bhreatain), Alphabeat (An Danmhairg), AaRON (An Fhrainc), Cinema Bizarre (an Ghearmáin), The Dø (An Fhrainc), Kraak & Smaak (An Ísiltír), Ida Corr (An Danmhairg), Lykke Li (An tSualainn), The Script (Éire) and The Ting Tings (An Bhreatain).

Ag searmanas teilifísithe i gcathair Ollannach Groningen oíche oscailte na féile ceoil EuroSonic Noorderslag EnglishNederlands a bhronnfar na duaiseanna. An phearsantacht Bheatanach teilifíse Jools Holland a bheidh mar óstach na hócáide, ina seinnfidh daoine a bhuaigh na duaiseanna go dtí seo.

Ina séú bliain anois, soilsíonn na duaiseanna rath idirnáisiúnta is tacaíonn siad le tionscal ceoil na hEorpa, ina bhfuil thart ar 600,000 fostaithe.

I measc na mbuaiteoirí go dtí seo tá ealaíontóirí aitheanta mar Carla Bruni, Tokio Hotel, Damien Rice, The Fratellis agus Gabriel Rios Deutsch English français , amhránaí a rugadh i bPuerto Rican-born is a bhfuil cónaí sa Bheilg air. Ceolfaidh sé ag searmanas na bliana seo, a thaifeadfar beo is a chraolfar trí líonra stáisiún teilifíse is raidió EBU Dé Sathairn 17 Eanáir, ag tosú ar a 20:15 (am lár na hEorpa).

I measca na mbuaiteoirí anuraidh bhí an banna rac-cheoil Fionlannach Sunrise Avenue, a bhain an duais amach dá n-albam “On The Way to Wonderland”. Dúirt Mikko Saukkonen, bainisteoir cur chun cinn do lipéad Bonnier Amigo an bhanna, go bhfuil aird tarraingte ar an ngrúpa ag an duais cheana féin - tá dara halbam á thaifeadadh acu faoi láthair. "Táimid an-chinnte go gcabhróidh sí leis an mbanna feasta."

Féach ar an seó nó éist leis trí Aontas Craolacháin na hEorpa English.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links