Cosán nascleanúna

Chun oibre le hAistritheoirí an lae amárach - 28/11/2008

Cailín is garsún ag obair ar aistriúcháin

Baineann déagóirí 17 mbliana d'aois ar fud an AE triail as a scileanna aistriúcháin.

"Is é an t-aistriúchán teanga na hEorpa", dar leis an údar is intleachtóir Iodálach Umberto Eco.

An 27 Samhain, cheiliúir breis is 2000 dalta teanga an aistriúchán is iad ag glacadh páirte i gcomórtas Juvenes Translatores – a d'eagraigh an Coimisiún Eorpach d'aistritheoirí óga i meánscoileanna ar fud an AE.

Glac scoileanna is mic léinn ón nGuadalúip i Muir Chairib go Kittilä sa Chiorcal Artach leis an dúshlán. D'oibir na mic léinn go dian chun aistriúcháin a dhéanamh a bhí dílis don bhuntéacs agus inléite sa sprioctheanga.

Bhí na rannpháirtithe saor aon dá theanga a phiocadh don chomórtas, bíodh gur moladh dóibh gur cheart aistriú ina dteanga dhúchais nó sa teanga is láidre acu don toradh is fearr. Ar an ábhar ginearálta céanna a bhí na téacsanna don aistriú, ach níorbh ionann iad sna 23 teanga. Aistritheoirí an Choimisiúin a mharcálfaidh na haistriúcháin, de réir chumas na n-iomaitheoirí téarmaí a úsáid i gceart, scríobh go hinléite agus réitigh chruthaitheacha a fháil do gach fadhb.

Tá faoi Juvenes Translatores ("aistritheoirí óga" as Laidin) úsáid na dteangacha iasachta agus go háirithe an t-aistriúchán a chur chun cinn san Eoraip. Gineann sé spéis i bhfoghlaim na dteangacha agus san aistriúchán, is chinn roinnt scoileanna fiú ar a gcomórtais féin a eagrú. Amhail cuid mhaith de na buaiteoirí anuraidh, is ó theaghlaigh dhátheangacha a lán de na daltaí - acmhainn luachmhar ar fiú aitheantas a thabhairt di.

Tabharfar cuireadh chun na Bruiséile in Aibreán do na 27 buaiteoirí – duine as gach tír AE – do shearmanas duaiseanna le Coimisinéir an Ilteangachais, Leonard Orban, is chun bualadh le haistritheoirí ón gCoimisiún chun fios fátha a gcuid oibre a fháil. Seachas an t-aitheantas, áfach, ba é an rud ba mhó a thaitin leis na buaiteoirí anuraidh aithne a chur ar a chéile trí chomhtheanga.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links