Cosán nascleanúna

Stair, cultúr is ealaín go digiteach - 20/11/2008

Lógó na leabharlainne digití © EC

Seolann AE leabharlann dhigiteach de chistí cultúrtha.

Tugann leabharlann dhigiteach nua an AE ciste ollmhór cáipéisí staire, lámhscríbhinní annamha luachmhara is déantáin chultúrtha ghlémhaiseacha chuig do dheasc.

Tionscadal uaillmhianach is ea Europeana chun stair, litríocht, ealaíona is eolaíocht na hEorpa a thaispeáint. Chuaigh trí mhilliún mír chultúir - íomhánna, téacsanna fuaimeanna is físeáin - ar líne an 20 Samhain is ní fada go leanfaidh na milliúin eile.

Ina measc tá scór 9ú Siansa Beethoven, an Dearbhú Francach 1789 um Chearta an Duine, Magna Carta Shasana, "Coiméide Dhiaga" Dante agus Bíobla Gutenberg.

Cuireann Europeana ar chumas úsáidéoirí an idirlín, le hiarratas amháin, na mílte bailiúchán digiteach ó iarsmalanna, ó leabharlanna, ó chartlanna is ó bhailiúcháin chlosamhairc a chuardach - ina measc Louvre Pháras, Rijksmuseum Amstardam agus Músaem na Breataine i Londain. Chuir Foras Closamhairc na Fraince 80,000 taifead craolta ón 20ú Céad ar fáil, ina bhfuil giotaí scannáin ó pháirc an chatha sa Fhrainc i 1914, mar shampla.

"Tairgeadh olliomad saibhris dúinn, i bhfad thar ár sprioc," arsa John Purday, atá ag obair don tionscadal. "Dhá mhilliún a bhí uainn. Trí mhilliún a fuaireamar." Tugann cuardach do Mozart 1,000 amas, ina measc scóir cheoil, a litreacha is léirithe a chuid cumadóireachta.

Agus é ar fáil i 23 teanga, tá an suíomh gréasáin saor in aisce agus cóipcheartaithe, a chiallaíonn go dtig le héinne an t-ábhar a íoslódáil d'úsáid phearsanta.

"Samhlaigh a gcuireann sé seo ar fáil do mhic léinn, do lucht ealaíne is do scoláirí, chun cistí cultúir na mBallstát uile a chuardach is a chur le chéile ar líne," arsa José Manuel Barroso, uachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh, atá ag comh-mhaoiniú an tionscadail.

Go dtí seo is ón bhFrainc, ón Ísiltír is ón Ríocht Aontaithe formhór na míreanna. Tá tíortha eile - an Ghearmáin, an Spáinn is an Pholainn - ag brath saothair a chur ar fáil sna míonna romhainn.

Ba cheart go sroichfeadh an leabharlann 10 milliún mír faoi 2010. Is níl ansin ach an tús - níor "digitíodh" ach 1% de shaothair staire, de cháipéisí is de dhéantáin chultúir na hEorpa fós - .i. iad a chur i bhfoirm inar féidir iad a thaispeáint ar scáileán ríomhaire.

Tá faoin AE €119m a chaitheamh le linn an dá bhliain atá chugainn chun ábhar cultúrtha a dhéanamh níos inrochtana ar líne.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links