Cosán nascleanúna

Dea-sheoladh d'fhoireann óg - 31/10/2008

Daoine óga is deic ardloinge á sciúradh acu © EC

Foghlaimíonn daoine óga ó naoi dtír conas seoladh is comhoibriú, a bhuí le clár óige AE.

Ó naoi dtír ar fud na hEorpa a tháinig siad. Rud amháin ar a laghad i bpáirt acu - bhí snámh ag cách.

Níor chomhtharlú sin. Bhí glactha ag na 52 duine óg le sé lá seirbhíse ar long chabhlaigh Phortaingéalach, eachtra uathúil chun a gcumas chun tarraingt le chéile a thástáil, ní a gcuid mairnéalachta.

Ceann de 33 tionscadal i gcomórtas ar son duaiseanna English i rith na seachtaine Eorpaí don óige (2-9 Samhain)a bhí ann. Agus iad mar chuid de Chlár "An Óige ag Gníomhú" English an AE, tá faoi na tionscadail seo tacú le meas ar chultúir éagsúla is ar an gcaoinfhulaingt.

Agus conas is fearr tabhairt faoi sin ná daoine ó chúlraí is á thíortha éagsúla a chur ag obair ar long?

"Tá gnéithe uathúla sa saol ar bord loinge, mar atá, maireachtáil i spás teoranta le grúpa, is ról tábhachtach ag cách i saol laethúil an ghrúpa," arsa Alexandre Jacinto ó H2O, an cumann óige Portaingéalach a d'eagraigh an turas. Mar dhuine a chaith seal i gcabhlach na Portaingéile, is ag caint óna thaithí atá sé.

B'as na tíortha seo a leanas an grúpa: an Phortaingéil, an Spáinn, an Iodáil, an Ungáir, an Laitvia, an Eastóin, an Pholainn agus an Rómáin. D'éis cúig lá oiliúna ar talamh, chroch siad seolta ó Liospóin an 18 Meán Fómair 2007. Ar nós foirne ar bith, bhí orthu an deic a sciúradh, béilí a ullmhú, snaidhmeanna a cheangal is seoladh a fhoghlaim.

Níl sna tionscadail ach buaicphointe amháin i seachtain óige na hEorpa English, beartas AE chun an spiorad sibhialta a neartú i measc na n-óg. Tá bailte is cathracha ar fud na hEorpa mar óstaigh ar phlé, ar léachtaí, ar cheolchoirmeacha is ar thaispeántais ó 2 go 9 Samhain.

An tseachtain seo an 20ú féile do chláir óige an AE freisin. Ghlac breis is 1.5m duine óg páirt i gcláir mar Sheirbhís Dheonach na hEorpa English, ag foghlaim scileanna nua is ag fáil taithí idirchultúrtha.

Cláir óige an AE - fonn ort a bheith iontu? English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links