Cosán nascleanúna

Gnó do pháistí freisin is ea cearta na bpáistí - 08/09/2008

Líníochtaí de pháistí ag canadh, ag imirt peile, le cultacha orthu

Mar chuid d'fheachtas ag tacú le cearta na bpáistí, tugtar cuireadh do dhaoine óga cur isteach ar chomórtas póstaeirí. Beidh duaiseanna is turas chun na Bruiséile ag na buaiteoirí. 

I measc chearta na bpáistí tá cosaint ar mhí-úsáid is ó fhaillí– sin fócas an chomórtais i mbliana. Iarrtar ar rannpháirtithe póstaer a dhearadh chun an smaoineamh seo a chur in iúl.   

Tá súil ag an gCoimisiún go spreagfaidh an comórtas páistí chun labhairt faoi chásanna inar cheart dóibh cabhair a fháil, cabhair atá ar fáil. Chun machnamh a mhisniú, beidh dhá chatagóir aoise (10-14 agus 15-18) agus ní mór do rannpháirtithe dul ag obair i ngrúpaí de cheathrar ar a laghad. Tá trealamh múinteoireachta ar fáil do dhaoine fásta ar mian leat páirt a ghlacadh. 

Ina thríú bliain dó anois, tharraing an comórtas breis is 6,000 iarrthóir anuraidh (trí oiread líon na bliana 2006).

Measfar na hiarrachtaí ar dtús ag an leibhéal náisiúnta, le duaiseanna á mbronnadh i ngach tír an 20 Samhain – Lá Idirnáisiúnta Chearta na bPáistí. 

Beidh na buaiteoirí náisiúnta páirteach i ndara sraith ag an leibhéal Eorpach. I mí na Nollag tabharfar cuireadh do na trí fhoireann is fearr i ngach aoisghrúpa teacht chun na Bruiséile do shearmanas duaiseanna is do chuairt na cathrach is na bhforas Eorpach. 

Taispeánfar póstaeirí na mbuaiteoirí ar shuímh ghréasáin an AE agus in oifig an Choimisiúin ina dtír féin. B'fhéidir go n-úsáidfí feasta i bhfeachtais Eorpacha faoi chearta na bpáistí iad. 

Cuid d'iarracht leathan AE le cinntiú go bhfásfaidh páistí slán ó bhuairt is ó bhaol is ea an comórtas. Tá faoi bhearta eile:

  • an tIdirlíon a dhéanamh níos sábháilte. Tá sáslach ann anois chun ceannach phornagrafaíocht páistí ar líne a chosc; 
  • tosaíocht ar fud an domhain a thabhairt do chosaint na bpáistí;
  • gáinneáil agus dúshaothrú gnéis na bpáistí a throid. Mar chuid de seo beidh beolíne EnglishPDF gráite do pháistí atá ar iarraidh.

 

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links