Cosán nascleanúna

Neart na scannán Eorpach i gCannes - 19/05/2008

Aire Cultúir na Fraince Christine Albanel, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh José Manuel Barroso agus coimisinéir Eorpach na meán Viviane Reding

Léiríonn féile Cannes 2008 rath domhanda na scannán AE-mhaoinithe.

.

Roghnaíodh 14 scannán a chomh-mhaoinigh Clár AE na Meán MEDIA Englishfrançais lena léiriú ag 61ú  Féile Idirnáisiúnta Scannán Cannes. Is é clár na meán AE a mhaoiníonn Tionscadail Eorpacha chlosamhairc, chun éagsúlacht chultúrtha na Mór-Roinne a chur chun cinn trí scannáin. 

Ní hannamh a mhaoinigh an tAE sna féilte scannán agus chonaic na milliúin iad thar na blianta iad. 

Anois tá mór-dhúshláin os comhair lucht déanta na scannán Eorpach, áfach, sa bhaile agus i gcéin.  An 19 Bealtaine, i rith an séú “Lá na hEorpa Englishfrançais” i gCannes, shuigh ionadaithe AE le hairí scannán Eorpacha chun plé a dhéanamh ar conas breis comhoibrithe idirnáisiúnta sa tionscal closamhairc a spreagadh.  

Cur le leathnú an ábhair ar fud an domhain agus comhoibriú níos dlúithe le tionscail scannán lasmuigh den AE – sin iad na cuspóirí.  Chabhródh a leithéid de chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a thuilleadh le léiriú is le dáileadh na scannán Eorpach.  

Bhí 11 scannán a mhaoinigh clár na meán AE ar taispeáint ag féile scannán Cannes anuraidh.  Agus níos túisce i mbliana fuair sraith scannán AE-mhaoinithe - amhail The Counterfeiters agus La Môme – duaiseanna éagsúla Oscar.

Seo iad na 14 scannán AE-mhaoinithe ag Cannes 2008: Gomorra, Delta, La frontière de l’Aube, Le silence de Lorna, The Palermo Shooting, Sangue pazzo, Entre les murs, Tulpan, Eldorado, Elève libre, Salamandra, Les bureaux de Dieu, Better things and Home.

Suíomh gréasáin féile scannán Cannes Englishfrançais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links