Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Líonra de stáisiúin raidió náisiúnta is réigiúnacha ar fud na hEorpa chun cláracha nuachta faoi ghnóthaí Eorpacha a chomhléiriú is a chraoladh.
Ag tosú i mí Aibreáin, ciallóidh an tionscnamh seo, a nocht coimisinéir na cumarsáide Margot Wallström, go gcraolfar cláracha nuachta, anailíse, tuairimíochta agus plé go laethúil ar mhinicíochtaí éagsúla raidió. Sroichfidh na cláracha thart ar 19 milliún éisteoir san AE amháin agus timpeall 30 milliún sa chuid eile den domhan.
“Bím de shíor ar thóir bealaí nua chun eolas cothrom faoi ghnóthaí Eorpacha a chur ar fáil d'oiread Eorpach agus is féidir", arsa Bean Wallström. Bíodh gurb é an Coimisiún a chisteoidh é, beidh neamhspleáchas iomlán eagarthóireachta ag an líonra nua.
As 10 dteanga a chraolfar na cláracha ar dtús – Gearmáinis, Fraincis, Béarla, Spáinnis, Polainnis, Bulgáiris, Gréigis, Portaingéilis, Rómáinis agus Ungáiris. Ardóidh sé seo de réir a chéile go 23, le stáisiún raidió amháin ar a laghad i ngach Ballstát AE faoi 2013.
Tá 16 stáisiún cheana féin sa líonra (arna chomhordú ag Deutsche Welle agus Radio France International), ina measc Polskie Radio, Punto Radio, Radio Netherlands agus Radio Slovenia International.
Beidh suíomh gréasáin faoi seo ag obair ó mhí Iúil 2008 amach, chun deis íoslódála a thabhairt duit ar na podchraoltaí is fearr leat agus ar eolas breise.