Cosán nascleanúna

Pacáiste níos fearr do Cheoltóirí Eorpacha - 20/02/2008

Black Eyed Peas – Féile raccheoil  Werchter, 2004 (An Bheilg) ©Laurent Van Brussel

Teastaíonn ó Charlie McCreevy, Coimisinéir an Mhargaidh Inmheánaigh, cosaint chóipchearta na gceoltóirí a neartú agus athscrúdú a dhéanamh ar thobhaigh chóipcheart ar ghléasanna taifeadta ceoil

Níl cothrom na Féinne idir na haicmí éagsúla in earnáil an cheoil san Eoraip.  Bíonn cosaint fad saoil ar a saothar, a mhaireann 70 bliain tar éis a mbáis, ag na cumadóirí, ach ní bhíonn ach cóipcheart 50 bliain ag na ceoltóirí, tréimhse a thagann chun deiridh go minic agus iad fós ina mbeatha.

Dá bhrí sin tá an baol ann go gcaillfidh na mílte ceoltóir ó na 50-aidí is na 60-aidí na dleachtanna údair a fhaigheann siad gach uair a chraoltar ceann dá gcuid amhrán.  Ní bhíonn de theacht isteach ag cuid mhaith acu, ar lú aithne an phobail orthu, ach an t-airgead seo. 

Mar sin, molann an Coimisiún fad na cosanta cóipcheart atá ag ceoltóirí a athrú ó 50 go 95 bliain.  Molann sé freisin go gceadófaí do cheoltóir athrú go lipéad nua mura dtoilíonn an seanlipéad a chuid ceoil a atheisiúint le linn na tréimhse fadaithe. 

Ná bíodh aon imní ar na héisteoirí, ní bheidh aon tionchar ag na bearta seo ar phraghas an cheoil!

Thairis sin, is mian leis an gCoimisinéir McCreevy athbhreithniú a dhéanamh ar dhleachtanna údair, go háirithe ar an slí a bhailítear is a úsáidtear tobhaigh ar an gcóipeáil phríobháideach.  Saghas cúitimh do cheoltóirí ar an ioncam a chailleann siad trí chóipeáil phríobháideach is ea na tobhaigh seo.  Chinn sé ar chomhairliúcháin a thionscnamh le hearnálacha uile thionscal an cheoil chun teacht ar réitigh nithiúla. 

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links