Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

Tar éis Lucsamburg agus Sibiu (An Rómáin), is iad Learpholl (Ríocht Aontaithe) agus Stavanger (An Ioruaidh) príomhchathracha Eorpacha nua an chultúir.
Is beag atá i bpáirt idir Learpholl
an cheoil agus Stavanger
na bhféilte, seachas ardcháilíocht an chláir a réitigh siad mar phríomhchathracha Eorpacha an chultúir ![]()
.
Cuimsíonn «Open port», clár uaillmhianach Stavanger, an ailtireacht, an litríocht, an ceol agus na healaíona súl agus tugann sé ealaíontóirí ó na ceithre hairde, idir náisiúnta is idirnáisiúnta, le chéile. Agus béim á cur aige ar an oscailteacht is ar an saoirse tuairime, is mian le Stavanger a bheith inrochtana ag cách.
Eagróidh Learpholl thart ar 350 imeacht
, saor in aisce don chuid is mó, mar a meascfar an ealaíon, an ailtireacht, an rince, an phictiúrlann, ealaíon na cócaireachta agus an amharclann. Meallfaidh Learpholl 2008 milliún cuairteoir ó 60 thír i gcéin is i gcóngar.
Tá coinne déanta cheana féin an 12 Eanáir do dhá fhéile ildaite chun tús a chur le cúrsaí. Tosóidh Learpholl a cheiliúradh leis an seó "Liverpool The Musical", mar a mbeidh Ringo Starr, iar-Beatles, agus Dave Stewart, ón ngrúpa Eurythmics, a bheidh freisin mar oscailt oifigiúil an spáis nua Liverpool Arena, i Merseyside. Tabharfaidh Stavanger an áit onóra do chontae Rogaland, tar éis cuireadh a thabhairt dá chuid ceantar go léir chun téama a léiriú.
Tá tábhacht ar leith i mbliana le tionscadal phríomhchathair Eorpach an chultúir, a seoladh i 1985 chun cur le caidreamh na bpobal Eorpach lena chéile, ós í Bliain Eorpach an Chomhphlé Idirchultúrtha
í.