Cosán nascleanúna

Cosaint níos fearr do rúin ceirde san AE - 28/11/2013

Cuid de scáileán ríomhaire agus méarchlár faoi sholas lag © AE

Tá sé molta ag an AE rialacha nua a thabhairt isteach chun cosaint a thabhairt do ghnólachtaí i gcás ina ngoidtear nó ina mí-úsáidtear faisnéis rúnda. Is é is aidhm leis na rialacha nuálaíocht agus comhoibriú a spreagadh.

D'fhéadfadh sé go mbeadh cosaint níos fearr ann do rúin ceirde – faisnéis rúnda gnó ar nós algartam cuardaigh Google nó an oidis do chumhrán ar leith – faoi rialacha nua atá molta ag an gCoimisiún Eorpach.

Rachaidh na rialacha nua chun sochair do ghnólachtaí a mbíonn trioblóidí acu nuair a dhéantar faisnéis luachmhar a ghoid uathu nó má bhaintear mí-úsáid as faisnéis den chineál sin.

Is é is aidhm leis na tograí é a éascú do na cúirteanna náisiúnta déileáil lena leithéidí de chásanna agus go mbeadh cúiteamh ar fáil dóibh siúd a ndearnadh dochar dóibh. Leagtar síos freisin sna rialacha sin sainmhíniú Eorpach ar 'rúin ceirde'.

Fadhb atá ag síorfhás

Tugadh le fios i suirbhé le déanaí go ndearnadh iarracht, le deich mbliana anuas, rúin ceirde a ghoid ó ghnólacht amháin as gach cúig ghnólacht, agus is ag dul i méid atá an líon sin. I measc na gcúinsí a thacaíonn leis sin tá an dian-iomaíocht ar fud an domhain agus an úsáid bhreise a bhaintear as teicneolaíochtaí digiteacha.

Ní hionann rúin ceirde agus paitinní nó cearta maoine intleachtúla ar nós cóipchirt agus trádmharc, mar nach rud eisiach iad rúin ceirde. Is féidir le hiomaitheoirí iarracht a dhéanamh táirgí nó réitigh den chineál céanna a chruthú, ach bíonn buntáiste iomaíoch ag sealbhóir rúin cheirde mar gurb é a chruthaigh i dtús báire é.

Tá éagsúlacht mhór idir an chosaint dhlíthiúil atá ar fáil i mBallstáit an AE – tá tíortha áirithe ann nach bhfuil aon dlíthe sonracha acu faoin ábhar sin – rud a fhágann go mbíonn sé deacair ag an té a ndearnadh dochar dó imeachtaí a thionscnamh sa chúirt mar go bhféadfadh sé tarlú nach dtuigeann siad na rialacháin atá ag tíortha eile san AE.

Timpeallacht níos sábháilte

Cuireann an fhadhb seo bac ar chomhoibriú idir gnólachtaí thar theorainneacha náisiúnta agus moillíonn sí an nuálaíocht a d'fhéadfaí a dhéanamh de bhrí nach bhfuil an táirge a chruthaigh gnólacht nó an taighde a rinne sé cosanta a dhóthain. Bíonn gnólachtaí beaga go háirithe fágtha gan aon chosaint i ngeall ar an gcostas mór a bhaineann le paitinn a fháil, rud a fhágann go mbíonn orthu brath níos mó ar rúin ceirde.

Fágfaidh na tograí seo go mbeidh timpeallacht níos sábháilte ann ina mbeidh gnólachtaí in ann faisnéis a chruthú agus a mhalartú.

Cuirfear na tograí os comhair Chomhairle na nAirí agus os comhair Pharlaimint na hEorpa anois le meastóireacht a dhéanamh orthu.

Preaseisiúint – Cosaint ar ghoid faisnéise rúnda gnó: tá sé molta ag an gCoimisiún rialacha Eorpacha a thabhairt isteach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Rúin ceirde – Ceisteanna coitianta English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links