Cosán nascleanúna

Breis cosaintí ar chearta príobháide ar líne - 25/01/2012

Tograí a thabharfadh isteach sraith aonair rialacha le breis smachta a thabhairt do dhaoine ar úsáid is ar bhainistiú a sonraí pearsanta.

Le déanaí fuair suirbhé faoi dhearcaí ar chosaint sonraí san AE English go bhfuil:

  • 2 as 3 Eorpach is imní orthu go scaipeann cuideachtaí a gcuid sonraí pearsanta gan chead uathu
  • 9 as 10 a bhfuil na cearta céanna cosanta sonraí ar fud na hEorpa uathu

Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá an Coimisiún ag moladh go nuashonrófaí dlí an AE um shonraí a chosaint българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska . Thabharfadh na hathruithe isteach sraith aonair rialacha ar chosaint sonraí, a bheadh bailí ar fud an AE.

Daoine a chosaint

I measc na dtograí DeutschEnglishfrançais tá:

  • freagracht agus cuntasacht a mhéadú – bheadh ar chuideachtaí a gcliantaí a chur ar an eolas dá ngoidfí nó dá sceithfí a sonraí pearsanta
  • soiléiriú, san áit inar gá cead ó dhuine sula n-athúsáideann cuideachta sonraí pearsantais, gur gá dóibh léirchead a thabhairt – bheadh rochtain ag daoine ar a sonraí príobháideacha féin agus b'fhusa a bheidís in ann iad a aistriú chuig soláthraí seirbhíse eile.
  • neartú ar ‘cheart an dearmaid’ – beidh daoine in ann a sonraí pearsanta a scriosadh mura bhfuil fáth dlisteanach ag gnóthas nó ag eagras eile chun iad a choimeád.
  • rialacha an AE a chur i bhfeidhm agus sonraí á bpróiseáil lasmuigh den Eoraip – bheadh daoine in ann an t-údarás náisiúnta cosanta sonraí ina dtír féin a tharraingt isteach, fiú más cuideachta atá bunaithe lasmuigh den AE atá ag próiseáil lena gcuid sonraí.

Go maith don ghnó

Sraith aonair rialacha, spreagfaidís cur i bhfeidhm níos comhsheasmhaí an dlí ar fud an AE. Bheadh rialacha soiléire ag gnóthais faoin tslí le plé le faisnéis phríobháideach.

Agus d'ísleofaí an rómhaorlathas, rud a choigleodh thart ar €2.3bn sa bhliain ar lucht gnó. Mar shampla, ní bheadh ar chuideachtaí plé ach le húdarás náisiúnta amháin um shonraí a chosaint sa tír san AE ina bhfuil a bpríomh-oibríochtaí.

Cur i bhfeidhm feabhsaithe

Thabharfadh na rialacha nua cumhachtaí do na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí le rialacha an AE a chur i bhfeidhm níos déine.

D'iniúchtaí coire, bheadh dlí ag leith ag plé le malartú sonraí.

Na chéad chéimeanna eile

Comhlánaíonn na tograí iarrachtaí an AE tacú le breis tráchtála ar líne trí mhuinín na dtomhaltóirí a fheabhsú - rud a chuirfeadh le fás geilleagrach is le cruthú post. Ní mór go bhformheasfadh rialtais an AE agus Parlaimint na hEorpa iad chun dlí a dhéanamh díobh

Breis faoi na tograí chun dlí cosanta sonraí an AE a athbhreithniú English

Breis faoi chosaint sonraí san AE

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links