Cosán nascleanúna

Déanann seirbhís satailíte aerthaisteal níos sábháilte fós - 07/03/2011

EGNOS don eitlíocht, seirbhís loingseoireachta satailíte a seoladh an 2 Márta 2011 a mhéadóidh sábháilteacht, a laghdóidh moill is a chuirfidh le líon na gceann scríbe.

GPS leis féin, bíonn sé cruinn laistigh de chúpla méadar. Ach má bhíonn sé in úsáid fara EGNOS, seirbhís loingseoireachta satailíte an AE atá saor in aisce ar fud na hEorpa, bíonn GPS cruinn laistigh de mhéadar amháin.

Ó cuireadh ar fáil go poiblí i nDeireadh Fómhair 2009 í, tástáladh EGNOS agus deimhníodh í le húsáid i dtionscal na heitlíochta. Tíg le píolótaí a seirbhís sábháilteachta beatha English a úsáid anois, rud atá an-chabhrach le linn tuirlingte, nuair is gá fios a n-ionaid go cruinn dóibh i ndáil leis an rúidbhealach.

Is iomaí tairbhe eile ag EGNOS seachas sábháilteacht a fheabhsú.

Moill níos lú

Is fusa a bheidh sé do phíolótaí éirí de thalamh is tuirlingt i ndrochaimsir, agus léargas íseal ann. Ciallóidh sé sin níos lú cealuithe, moille agus atreoruithe chuig aerfoirt eile, rud a chabhróidh le haerlinté chun airgead a choigilt is a choinneoidh lucht taistil in am.

Laghdú ar chostais, ar gháis cheaptha teasa is ar ghleo

Agus EGNOS acu, beidh píolótaí in ann slite níos giorra, níos tíosaí a eitilt, rud a choigleoidh breosla is a laghdóidh astaíochtaí CO2. Fairis sin, beidh eitleáin in dul síos níos cóngaraí don rúidbhealach, rud a ísleoidh an gleo sna comharsanachtaí.

Agus EGNOS in úsáid ar fud a chabhlaigh, measann Air Nostrum na Spáinne go gcoigleofar luach €6.3m de bhreosla thar 10 mbliana. Agus le giorrú na mbealaí tuirlingte, méadófar líon na n-eitiltí is treiseofar ar theacht isteach.

Tairbhí eile

Tairbheoidh slite eile iompair, seirbhísí éigeandála agus forghníomhú dlí freisin ón gcruinneas méadaithe. Mar shample, thástáil garda cósta na hIodáile EGNOS ina gcuid héalacaptar cuardaigh is tarrthála ar muir.

An Coimisiún thar ceann an AE a reáchtálann EGNOS, agus fairis sin tá Galileo DeutschEnglishfrançais á fhorbairt, córas loingeoireachta satailíte domhanda amhail GPS, ar le SAM é. Oibreoidh Galileo le chéile le hEGNOS, chun an Eoraip a dhéanamh go hiomlán féintuilleamaíoch i loingseoireacht satailíte.

Breis faoi chláir loingseoireachta satailíte an AE

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links