Cosán nascleanúna

Treisiú nua do Mionghnóthais - 23/02/2011

Fear ag deasc agus ríomhaire á úsáid aige © AE

Tiocfaidh laghdú ar ualach rialála na mionghnóthas de bharr tograí nua, tograí a chabhróidh leo athphreabadh as an ngéarchéim gheilleagrach agus a spreagfaidh nuathionscnamh gnóthas.

Toisc gurb ionann iad agus 99% de ghnóthais na hEorpa, agus breis is 90 milliún duine fostaithe iontu, tá ról lárnach acu i ngeilleagair an AE. Léirítear in athbhreithniú ar bheartas an AE le déanaí DeutschEnglishfrançais go bhfuil go leor buntáistí tar éis teacht chun cinn as an nGníomh um Mionghnóthais, arb acht é a chruthaigh slí níos éasca agus níos saoire chun cuideachta nua a thosú san AE.

Taispeánann an t-athbhreithniú gur féidir agus gur gá níos mó a dhéanamh chun fiontraíocht a spreagadh agus chun gnóthais bheaga agus mheánmhéide (GBManna) atá ann cheana a threisiú.

Ní mór do na gnólachtaí sin a raibh caillte acu sa ghéarchéim gheilleagrach a athghabháil , nuair a chaill siad 3.25m post. Is ríthabhachtach cúnamh a thabhairt dó na gnólachtaí chun fás agus poist a chruthú chun sprioc fostaíochta an AE 75% roimh 2020 a bhaint amach, toisc gur iontu atá dhá thrian d'oibreoirí na hearnála príobháidí fostaithe.

Ar na fadhbanna nach mór do mhonghnóthais tabhairt fúthu tá: teacht ar mhaoiniú, plé le riachtanais riaracháin agus rochtain ar mhargaí i dtíortha eile, san AE agus in áiteanna eile. Sna tograí nua áirítear bearta chun:

  • rómhaorlathas a laghdú níos mó - trína gcruthaítear ionaid ilfhreastail ionas gur féidir le mionghnóthais cur isteach ar dheontais Eorpacha, náisiúnta agus áitiúla agus trína n-éacsaítear cuntasaíocht agus riachtanais dlí eile
  • rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú trí nósanna imeachta a shruthlíniú agus trí scéimeanna rathaíochta iasachta a mhéadú
  • cabhrú le mionghnóthlais teacht ar mhargaí thar lear trí thacaíocht mhéadaithe agus trí chomhaontuithe saorthrádála
  • cáin chorparáide a chomhchuibhiú agus é a éascú do chuideachtaí aon fhiach a fháil ar ais i dtíortha eile an AE
  • fiontraíocht agus cruthú post a chur chun cinn tríd an tréimhse a thógann sé chun ceadúnas agus ceadanna a fháil a laghdú go dtí aon mhí amháin

Moltar san athbhreithniú maoirseacht níos fearr ar a bhfuil á dhéanamh ag rialtais an AE chun an Gníomh um Mionghnóthais българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a chur chun feidhme.

Cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta ag rialtais le blianta beaga anuas, caithfidh siad teacht ar chomhaontú fós faoi dhlí nua a cheadóidh do chuideachtaí beaga clárú mar Chuideachta Phríobháideach Eorpach DeutschEnglishfrançais . Cuirfidh sé sin deireadh leis an ngá le clárú gnólachtaí i dtíortha aonair an AE, rud a laghdóidh costas agus páipéarachais.

Iarrann an Coimisiún ar rialtais an dlí a rith go tapaidh.

Tairseach an AE do mhionghnóthais

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links