Cosán nascleanúna

Tá ag éirí go maith leis an Eoraip sa loingseoireacht satailíte - 19/01/2011

Seolfar Galileo, córas domhanda an AE um loingseoireacht satailíte, in 2014. Cuireann EGNOS, córas a fheabhsaíonn beachtas GPS ar fud na hEorpa, seirbhísí ar fáil cheana féin d'úsáideoirí ar nós feirmeoirí agus oibrithe tarrthála.

De réir tuarascála English ar dhá chlár loingseoireachta satailíte an AE, is sásúil atá an dul chun cinn go dtí seo agus tá rún daingean ag an Aontas iad a chomhlíonadh.

Thosaigh an AE ag forbairt a chlár um loingseoireacht satailíte 10 mbliana ó shin ar chúiseanna straitéiseacha agus geilleagracha. Is cúiseanna lárnacha iad sin sna cláir inniu.

AG aithint an róil lárnaigh atá ag an loingseoireacht satailíte sa tsochaí nua-aimseartha, tháinig rialtais na mBallstát ar chomhaontú faoin ngá le neamhspléachas ó chóras GPS na Stát Aontaithe agus Glonass na Rúise.

Is leis an AE Galileo agus AGNOS agus tá rún daingean acu riachtanais gheilleagracha agus slándála an Aontais a chomhlíonadh.

Cosúil leis an idirlíon, is catalaíoch gheilleagrach í an loingseoireacht satailíte don nuáil agus do phoist a chruthú i réimse fairsing d'earnálacha. Faoi láthair tá thart is €800bn den OTI Eorpach ag brath ar úsáid na loingseoireachta satailíte. Tá an margadh domhanda le haghaidh táirgí agus seirbhísí den sórt sin ag méadú ar ráta 30% le roinnt blianta anuas agus is cosúil go mbeidh luach €240bn ag gabháil leis faoi 2020, de réir meastachán English .

Beachtas, infhaighteacht, iontaofacht

Cuirfidh EGNOS, agus níos déanaí Galileo, feabhas mór ar infhaighteacht agus ar bheachtas comharthaí loingseorachta ón spás. Ba cheart go bhfaigheadh úsáideoirí comharthaí níos tapa agus níos iontaofa agus a bheith in ann a suímh a aimsiú laistigh de mhéadar amháin. Faoi láthair, ní aimsíonn GPS an suíomh ach laistigh de roinnt méadar.

Cabhródh beachtas, infhaighteacht agus iontaofacht níos fearr le nuáil na ngnóthaí agus na bhfiontraithe. Mar shampla, is féidir na córais a úsáid chun feabhas a chur ar bhainistiú sheirbhísí iompair agus éigeandála an AE, feidhmiú an dlí, slándáil ag teorainneacha an AE agus slandáil na misean síochána.

Cuireann EGNOS, atá i mbun oibríochta ó Dheireadh Fómhair 2009, sochair ar fáil cheana féin ar nós táirgthe barr méadaithe trí spraeáil níos beaichte ar shíolú agus leasachán. Meastar go nglacfar leis le haghaidh úsáide ar aerlínte na hEorpa i mbliana, ag méadú shlándáil na bpaisnéirí.

Idir an dá linn, tá dhá shatailít triallach Galileo i bhfithis cheana féin. Seolfaidh an AE na chéad cheithre shatailít infheidhme i mbliana agus an bhliain seo chugainn. Ón am sin n ar aghaidh, seolfar dhá shatailít gach ráithe go dtí go dtosóidh na oibríochtaí tionscnaimh in 2014.

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links