Cosán nascleanúna

Marc Eorpach na comhréireachta - 19/04/2010

An Marc CE © UE

Seolann an Coimisiún feachtas faisnéise faoi mharc comhréireachta an CE - a ceapadh chun saorghluaiseachta na dtáirgí a éascú is chun tomhaltóirí a chut ar an eolas.

Pé uair a fheiceann tú an lógó CE ar tháirge - a deineadh san Eoraip nó lasmuigh di - beidh a fhios agat go gcomhlíonann sé riachtanais an AE ó thaobh sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil.

Tá an marc ann le breis is 15 bliana, ach ní heol do thromlach an phobail fós cad is ciall leis agus measann a lán ná fuil de chiall leis ach gur deineadh an táirge san Eoraip.

Tá an feachtas faisnéise ag díriú ar ghnóthais freisin. Ní hamháin go bhfeabhsaíonn an marc sábháilteacht an úsáideora, cuireadh ar bun freisin é chun saorghluaiseacht na n-earraí i margadh mór an AE a éascú.

Mar chomhartha muiníne, pas is ea an lógó CE chun gur féidir le táirgí gluaiseacht gan bhac ar fud an limistéir gheilleagraigh Eorpaigh (27 tír an AE, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua). Laghdaíonn sé sin rómhaorlathas agus an costask, ach coinníonn sé na riachtanais sábháilteachta.

Nuair a chuirtear an marc CE ar tháirge, glacann an déantóir freagracht iomlán as a chomhréireacht le reachtaíocht an AE.

Ní féidir breis is 30% de tháirgí tionsclaíocha - ina measc ríomhairí, bréagáin agus gairis leictreacha - a dhíol ar mhargadh an AE mura mbíonn an marc orthu.

 

Faigh breis eolais faoin marc CE

An marc CE - ceisteanna coitianta English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links