Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna

An tAE le cabhrú le déantóirí gluaisteán le carranna cairdiúla don chomhshaol a fhorbairt.
Is iomaí banc Eorpach atá buailte ag an ngéarchéim airgeadais dhomhanda. Anois tá sé ag bualadh thionscal carranna an AE, an táirgeoir gluaisteán is mó ar domhan.
Thit díolachán na gcarranna go géar, rud faoi deara do dhéantóirí an táirgeadh a ísliú is glacadh le brabús níos lú. Dúnadh roinnt monarchana Gearmánacha is Francacha go sealadach is tá imní ag fás go bhfuil cúlú i ndán don AE.
Faoi léas na duainéise geilleagraí, tá an Coimisiún ag athbhreithniú a straitéise don tionscal. Tionóladh comhdháil sa Bhruiséil an 29 Deireadh Fómhair chun torthaí a mheas is aiseolas a bhailiú.
Is ag am ina bhfuil an tAE ag plé reachtaíochta chun astaíochtaí CO2 ó charranna a ísliú
de 20% – go 130g/km faoi 2012 -- a thagann an chomhdháil seo. D'aontaigh na rannpháirtithe ar chuspóir go bhforbrófaí carranna atá cairdiúil don chomhshaol mar shlí chun an téamh domhanda a throid is le cur le cumas iomaíochta an tionscail. Bunófar tascfhórsa chun tacú le gluaisteáin ghlasa.
Carranna faoi deara thart ar 12% d'astaíochtaí CO2. D'aontaigh an chomhdháil gur cheart go ndíreodh iarrachtaí chun astaíochtaí a ísliú ní hamháin ar fheithiclí ach ar bhreosla, ar thiománaithe is ar bhóithre freisin. Is ba chóir go ndíreodh an taighde ar na teicneolaíochtaí is bisiúla, amhail carranna hidrigine, aibhléise is croschineálacha.
Chum an Coimisiún a straitéis do thionscal na gcarranna i 2007. Tá faoin bplean uileghabhálach seo ualaigh rialacháin a laghdú, rochtain ar mhargaí thar lear a fheabhsú, tacú le nuáil tríd an taighde agus iompar a dhéanamh níos sábháilte.
D'iarr déantóirí carranna iasacht €40bn ar an AE chun cabhrú le forbairt na bhfeithiclí glasa. Mhéadaigh ar thacaíocht don mholadh seo san Eoraip d'éis do SAM glacadh le déanaí le €20bn ($25bn) in iasachtaí íseal-úis do thionscal gluaisteán Mheiriceá chun carranna níos cnuaisciúnaí sa bhreosla a mhaoiniú.
Tá na teorainneacha ar astaíochtaí carranna mar chuid de phacáiste faoin athrú aeráide a bhfuil faoin AE glacadh leis faoi dheireadh na bliana. Ghríosaigh an Coimisiún na rialtais AE chun gan ligean don phacáiste titim de dheasca na lagtrá geilleagraí.
Eochair-bharaiméadar do gheilleagar na hEorpa is ea tionscal na gcarranna
, atá mar 3% den OTB is mar 7.5% den déantúsaíocht iomlán. Le breis is 2 mhilliún duine fostaithe go díreach ann, tacaíonn sé le 8 milliún post eile ar a laghad.