Cosán nascleanúna

Tá toirmeasc ar an iascaireacht sruthlíonta beartaithe ag an AE chun an fiadhúlra a chosaint - 19/05/2014

Turtar mara ag snámh sa Mheánmhuir

Dúirt an AE go bhfuil sé beartaithe aige toirmeasc iomlán a chur ar iascaireacht sruthlíonta in uiscí na hEorpa toisc gur ábhar imní dó an bhagairt do speicis chosanta.

Is éard atá i sruthlíon cineál lín iascaigh a bhíonn ar snámh gar do bharr an uisce, chun breith ar chineálacha éisc ar gnách leo bheith ag snámh ansin.

Mar sin féin, tá an baol ann go rachaidh speicis chosanta amhail turtair agus cineálacha áirithe éanlaithe mara agus mamach i bhfostú sna líonta sin.

Tá roinnt srianta curtha i bhfeidhm cheana; ní féidir na líonta sin a úsáid chun breith ar speicis imirceacha áirithe amhail tuinnín agus colgán; agus tá toirmeasc iomlán ar shruthlíonta móra ar mó ná 2.5 km ar fhad iad.

Mar sin féin, is ábhar imní fós é tionchar a n-úsáid ar speicis chosanta, agus faightear tuairiscí fós faoi iascairí a úsáideann na líonta go mídhleathach nó a bhaineann leas as bealaí éalaithe sna rialacháin.

Dá thoradh sin, tá toirmeasc iomlán ar shruthlíonta beartaithe ag an AE ón 1 Eanáir 2015 amach.

D'fhonn na rialacha a fhorfheidhmiú, cuirfear toirmeasc freisin ar shruthlíonta a choimeád ar bord bád iascaireachta san Eoraip, agus tá mionsonrú déanta ar an sainmhíniú ar cad is sruthlíon ann.

Na rialacha á sárú

I ngeall ar an iascaireacht sruthlíonta a bheith ar siúl thar achar fairsing agus toisc go mbaineann sí le báid bheaga den chuid is mó, is deacair na rialacháin atá ann faoi láthair a fhorfheidhmiú. Fágann sin nach bhfuil an oibleagáid idirnáisiúnta i ndáil le húsáid na líonta sin a shrianadh comhlíonta ag an Eoraip.

Tá sé d'aidhm ag an AE an tionchar atá ag an iascaireacht ar an éiceachóras muirí a laghdú a mhéid is féidir. Táthar ag súil go mbeidh sé níos éasca na rialacha a fhorfheidhmiú ach toirmeasc iomlán a chur ar shruthlíonta. Tá toirmeasc dá leithéid i bhfeidhm cheana i Muir Bhailt.

Tionchar ar iascairí

Déantar iascaireacht sruthlíonta i roinnt tíortha san AE, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an Ríocht Aontaithe san áireamh. Mar sin féin, is úsáid shéasúrach atá i gceist agus is minic nach bhfuil siad á n-úsáid ach ar feadh cúpla mí gach bliain. I gcás iascairí áirithe níl siad á n-úsáid ach ar feadh cúpla seachtain sa bhliain.

Tá na báid a úsáideann na líonta ceadúnaithe trealamh eile a úsáid chomh maith, rud a fhágann gur féidir leo leanúint d'oibriú i gcás toirmisc.

Preaseisiúint -– toirmeasc iomlán ar shruthlíonta beartaithe ag an AE danskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenščinasuomisvenska 

Ceisteanna agus Freagraí – toirmeasc an AE ar shruthlíonta English

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links