Cosán nascleanúna

Tá sé beartaithe ag an AE scéimeanna bia shláintiúil a neartú sna scoileanna - 04/02/2014

Dalta scoile atá ag ithe úll, agus é in aice le carn leabhar, agus miongháire ar a aghaidh

Tá sé beartaithe ag an AE na scéimeanna bia shláintiúil a neartú sna scoileanna chun dul i ngleic le droch-chothú i measc páistí.

Tiocfaidh an scéim nua in ionad dhá scéim eile – an Scéim Torthaí Scoile agus an Scéim Bainne Scoile – trína gcuirtear maoiniú ar fáil chun torthaí agus bainne a dháileadh sna scoileanna agus oideachas ar bhia sláintiúil a spreagadh. Baineann 30 milliún páiste ar fud an AE leas as na scéimeanna sin gach bliain.

Tiocfaidh an dá scéim sin faoi scáth na scéime nua faoin mana 'Bia Sláintiúil – Corp Folláin'. Cuirfear béim níos mó ar oideachas le go mbeidh níos mó eolais ag páistí faoi bhia sláintiúil agus go mbeidh níos mó tuisceana acu ar cheisteanna a bhaineann le táirgeadh bia agus fuíollábhar bia mar shampla. D'fhéadfaí cuairteanna a thabhairt ar fheirmeacha, freisin, mar chuid den scéim.

Droch-chothú

I bhformhór na dtíortha, tá an méid torthaí, glasraí agus bainne a itheann agus a ólann páistí ag dul i laghad. Tá an claonadh ann níos mó bianna próiseáilte a chur san aiste bia.

Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Englishespañolfrançais, tá an murtall (rómheáchan) ag éirí níos coitianta i measc pháistí na hEorpa. In 2008, measadh go raibh duine as gach ceathrar páistí san Eoraip idir 6 bliana agus 9 mbliana d'aois róthrom nó murtallach. Bhí an figiúr sin ardaithe go duine as gach triúr páistí faoin mbliain 2010.

Agus cúrsaí mar atá, tá an scéim nua dírithe ar:

  • réiteach níos éifeachtaí a fháil ar fhadhb an droch-chothaithe
  • an t-oideachas a thugtar faoi na scéimeanna bia shláintiúil a neartú, agus
  • cur leis an troid i gcoinne an mhurtaill.

Comhordú níos éasca

Tá gach tír san AE páirteach sa scéim bainne faoi láthair agus tá a bhformhór páirteach freisin sa scéim torthaí (níor theastaigh ón Ríocht Aontaithe, ón tSualainn ná ón bhFionlainn bheith páirteach ann). Is ar bhonn deonach a ghlacfar páirt sa scéim, mar a tharla i gcónaí, agus beidh an tsolúbthacht ag na Ballstáit na bianna a dteastaíonn uathu féin a dháileadh.

Beidh buiséad €230 milliún ann don scéim nua, sin méadú ar an mbuiséad €197 milliún a bhí ann an bhliain seo, ach níl sé níos airde ná an buiséad a socraíodh cheana do na scéimeanna torthaí agus bainne idir seo agus 2020.

Mar go mbeidh na scéimeanna á gcur le chéile, tá súil nach mbeidh an t-ualach céanna riaracháin agus eagrúcháin i gceist do scoileanna agus d'údaráis náisiúnta maidir lena gcur i bhfeidhm agus go mbeidh dáileadh na mbianna níos éifeachtaí ó thaobh costais de.

Scéim Torthaí Scoile an AE 

Scéim Bainne Scoile an AE Deutsch (de) English (en) français (fr)  

Ceisteanna Coitianta – scéimeanna torthaí, glasraí agus bainne sna scoileanna Englishfrançais

Preaseisiúint – Tá sé beartaithe ag an AE na scéimeanna torthaí agus bainne scoile a chur le chéile българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaishrvatskiitalianolatviešu valodaMaltiNederlandspolskiportuguêslietuvių kalbamagyarromânăslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links