Cosán nascleanúna

An lógó orgánach: 12 réalta bhána i gcruth duilleoige ar chúlra glas © AE

Tá do thuairim ag teastáil uainn faoin mbealach is fearr le táirgeadh orgánach a spreagadh san Eoraip.

Tá faoi rialacha diana AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska maidir le bia agus deoch orgánach muinín na dtomhaltóirí a spreagadh agus feirmeoirí orgánacha na hEorpa, an aire a thugann siad don talamh is don bhithéagsúlacht agus ardchaighdeáin i gcosaint ainmhithe a chur chun cinn.

Faoi láthair, níl deimhnithe mar bhianna orgánacha ach thart ar 2% de na bianna a cheannaíonn tomhaltóirí an AE, agus áirítear 200,000 feirm (2% den iomlán) orthu siúd atá i mbun táirgeadh orgánach.

Tá an gCoimisiún ag lorg slite eile le rialacha orgánacha an AE a fheabhsú agus an t-éileamh ar tháirgí orgánacha a mhéadú. Mar chuid den phróiseas sin, ba mhian linn do thuairim a fháil faoin méid seo thíos:

  • na rialacha a shimpliú – ach gan baint de na caighdeáin,
  • a chinntiú nach dtagann orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) – a bhfuil cosc orthu faoi na rialacha – isteach sa slabhra bia orgánaigh de thimpiste,
  • táirgí orgánacha a chur chun cinn trí rialacha maidir le lipéadú (go mór mór ceanglas an lógó Eorpach българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska a chur ar na táirgí orgánacha uile a tháirgtear san AE),
  • uasdátú phlean gníomhaíochta българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska an Choimisiúin (2004) maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach a fhorbairt,
  • rialú níos déine le calaois a chosc,
  • aghaidh a thabhairt ar na heaspaí sna rialacha reatha maidir le hallmhairiú.

Is féidir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán ar líne българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska go dtí an 10 Aibreán 2013. Úsáidfear na tuairimí sin sna cinntí a dhéanfar faoi na chéad chéimeanna eile. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí a mholadh faoi leasú na rialacha faoi dheireadh 2013.

Ní féidir 'bia orgánach' a thabhairt ar bhianna faoi láthair murar comhábhair orgánacha 95% ar a laghad de na comhábhair atá ann. Cuirtear béim ar chosaint an chomhshaoil agus ar leas na n-ainmhithe san fheirmeoireacht orgánach. Ní mór d'fheirmeoirí a gcuid úsáide de cheimiceáin shintéiseacha amhail leasacháin, lotnaidicídí, breiseáin agus cógais a sheachaint nó a laghdú go mór.

Sular féidir bianna allmhairithe a aithint mar bhia orgánach, ní mór do rialacha orgánacha agus údaráis deimhniúcháin na dtíortha táirgíochta a bheith aitheanta mar choibhéis chaighdeáin an AE.

Agus lógó orgánach an AE á úsáid acu, ní mór do mhonaróirí an t-eolas seo a leanas a chur ar an lipéad: uimhir thagartha an údaráis deimhniúcháin agus ainm an táirgeora, ainm an phróiseálaí nó ainm an dáileora is deireanaí a láimhseáil an táirge. Féadfar marcanna deimhniúcháin bia orgánaigh náisiúnta a chur taobh le lógó an AE.

Tuilleadh faoin bhfeirmeoireacht orgánach san AE българскиčeštinadanskDeutscheesti keelελληνικάEnglishespañolfrançaisitalianolatviešu valodalietuvių kalbamagyarMaltiNederlandspolskiportuguêsRomânaslovenčinaslovenščinasuomisvenska

Choose high-contrast version Set page to normal font size Increase font size by 200 percent Cuir an leathanach seo chuig cara Clóigh an leathanach seo

 

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair Ní bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?

Useful links